Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ró-uaillmhianach over-ambitious
" Nach bhfuil sé seo rud beag ró-uaillmhianach? "Tá mé ag súil go mbeidh cúig mhíle duine sásta an páipéar a léamh gach lá.
uaillmhianacha ambitious
" Sin an fáth a mbíonn mearbhall ar Donaldson agus ar Burnside nuair a chaitheann siad déileáil le náisiúnaithe cumasacha uaillmhianacha.
ardaidhmeannach ambitious
" Plean ardaidhmeannach, go deimhin, ach seirbhís an-tábhachtach, dar le Mac Gearailt.
ardaidhmeanach ambitious
" Is taispeántas ardaidhmeanach é seo a mheallann go leor daoine isteach chun amharc air nó chun infheistiú i gcuid den saothar.
tionscadal ardaidhmeannach scríbhneoireachta ambitious writing projects
" " Go deimhin, le blianta beaga anuas, tá roinnt tionscadal ardaidhmeannach scríbhneoireachta pleanáilte ag McEvoy, ina measc an leabhar a thiocfaidh i ndiaidh *Terrible Angel*, ina bhfuil Collins seolta ar mhisean eile, go Baile Átha Cliath roimh thús an Dara Cogadh Domhanda.
uaillmhianach ambitious
" Plean thar a bheith uaillmhianach atá ann nach bhféadfadh ach maitheas a dhéanamh don stát óg seo.
uaillmhianach ambitious
" " Ach, mar a tharlaíonn i gcás a lán tionscadal mór uaillmhianach mar seo, bhí sé deacair an t-atmaisféar sin a choimeád beo.
tionscadail ardaidhmeannacha eile other ambitious projects
" Ach tá tionscadail ardaidhmeannacha eile ann, ina measc plean chun droichead a thógáil trasna Chaolas Messina idir an tSicil agus deisceart na hIodáile; tollán mór costasach faoi na Pyrenées; agus feabhas ar na bóithre agus na hiarnróid a théann trasna na nAlp.
ardaidhmeannacha ambitious
" Cén cineál ráitis é seo? Nach bhfuil seans ag aon duine seachas ealaíontóirí óga ardaidhmeannacha agus *cool *an duais a bhaint? Nach gcuirfeadh sé *Pop Idol *i gcuimhne duit ar bhealach? Dúirt an fear teoirice mór le rá Clement Greenberg nár tháinig rud ar bith seachas *pop *chun cinn i ndiaidh 1960, is é sin le rá go raibh an bhéim ón am sin ar aghaidh ar ábhair fhánacha.
sách uaillmhianach ambitious enough
" Is é an fhadhb is mó leis an bplean mór dílárnaithe a d'fhógair Charlie McCreevy sa gcáinaisnéis ná nach bhfuil sé sách uaillmhianach.
uaillmhianacha ambitious
" Ní raibh seans faoin spéir acu na haidhmeanna uaillmhianacha seo a bhaint amach ach lean siad orthu ag dul i ngleic le samhailtí.
is ardaidhmeannaí most ambitious
" Ach is é an scéim is ardaidhmeannaí ar fad (agus scéim a bhfuil scrúdú, de réir tuarascála, á dhéanamh ag Rialtas na Bhreataine uirthi) ná rian a chur idir Londain agus Glaschú (a rachadh thart le Birmingham, Manchain, Leeds, Newcastle agus Dún Éideann) a thabharfadh paisinéir ó chathair Londan go Glaschú in dhá uair agus 40 nóiméad.
is ardaidhmeannaí most ambitious
" Ach is é an scéim is ardaidhmeannaí ar fad (agus scéim a bhfuil scrúdú, de réir tuarascála, á dhéanamh ag Rialtas na Bhreataine uirthi) ná rian a chur idir Londain agus Glaschú (a rachadh thart le Birmingham, Manchain, Leeds, Newcastle agus Dún Éideann) a thabharfadh paisinéir ó chathair Londan go Glaschú in dhá uair agus 40 nóiméad.
ró-ardaidhmeannach too ambitious
" Ach b’fhéidir go bhfuil na pleananna seo ró-ardaidhmeannach.
ardaidhmeannacha ambitious
" Samhlaímis: dá mbeadh cead ag gluaisteáin hibrideacha gan dola a íoc ar na droichid agus ar na mótarbhealaí, nach spreagfadh sin breis éilimh orthu? Dála an scéil, ní í an tSualainn an t-aon tír amháin atá ag leagan síos cuspóirí fuinnimh ardaidhmeannacha.
fir óga uaillmhianacha ambitious young men
" Thóg sé fir óga uaillmhianacha isteach sa Rialtas leis – Brian Lenihan, George Colley, Donogh O’Malley, Patrick Hillary agus, sea, céile a iníne Maureen, Charles Haughey.
misniúil agus ardaidhmeannach spirited and ambitious
" Is duine í Natasha Fennell atá misniúil agus ardaidhmeannach agus is cinnte go gcloisfear go leor fúithi sna blianta atá romhainn.
chomh hardaidhmeannach sin, so ambitious,
" Nuair a chuirim ceist air mar gheall ar na nithe a spreag é féin agus Seán chun a bheith chomh hardaidhmeannach sin, deir sé gurbh é a gcúlra ba chúis leis.
tionscadal ardaidhmeannach an ambitious project
" Is tionscadal ardaidhmeannach é an taighde seo.
cén chaoi ar thángthas ar an gcoincheap uaillmhianach how did the ambitious concept come about
" Ach cén chaoi ar thángthas ar an gcoincheap uaillmhianach seo? “Bhí suim agam riamh sa Ghaeilge,” a deir sé.
ardaidhmeannach ambitious
" “Ní dóigh liom go bhfuil *ego* agam, ní dóigh liom go bhfuil mé ardaidhmeannach i ndáiríre.
ró-uaillmhianach too ambitious
" Tá roinnt ceachtanna foghlamtha agam faoi sin, mar tá a fhios agam go raibh mé i bhfad ró-uaillmhianach mar léiritheoir, nuair nach raibh mé eolach go leor ar an cheird, agus ag iarraidh rudaí a bhaint amach nach bhféadfaí a bhaint amach.
uaillmhianach ambitious
" Is léir ó bheith ag caint leis nach mbíonn drogall air riamh a bheith uaillmhianach nó pleananna móra a bhrú chun cinn.
an mórphlean uaillmhianach seo this big ambitious plan
" ” Agus is é is mian leis a dhéanamh san am atá romhainn – an mórphlean uaillmhianach seo – ná lárionad Gaeilge a bhunú i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile – idir dhaoine aonair a bhfuil spéis acu sa teanga agus eagraíochtaí a bhfuil a gcuid spriocanna féin acu, ach arb í a gcomhchuspóir ná cur chun cinn na Gaeilge agus an traidisiúin Ghaelaigh.
Léiriú uaillmhéine ab ea It was a display of ambition, i.e. it was ambitious
" Léiriú uaillmhéine ab ea é go ndeachaigh King i mbun sraithe mar seo agus é ar bheagán taithí.
ba uaillmhianaí most ambitious
" Tá an chosúlacht ar an scéal, mar sin, go bhfuil a phort seinnte ag ceann de na tionscadail theanga ba uaillmhianaí ar tugadh faoi le dornán blianta anuas.
uaillmhianacha ambitious
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
uaillmhianach ambitious
" De réir taighde atá déanta ag EirGrid, éireoidh le hÉirinn a sprioc uaillmhianach 40% den leictreachas iomlán na tíre a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020.
gealgháireach agus uaillmhianach pleasant and ambitious
" Fear paiseanta, gealgháireach agus uaillmhianach is ea Whelton ach níl sé sásta glacadh le gnásanna seanbhunaithe.
leag sí síos a fís uaillmhianach she mapped out an ambitious vision
" Ceapadh Robyn Archer, siamsóir mór le rá, ina stiúrthóir ealaíne ar an gcomóradh anuraidh agus leag sí síos a fís uaillmhianach don bhliain ag an am.
uaillmhianach go maith fairly ambitious
" Plean uaillmhianach go maith a bhí ann a mhol go mbunófaí ionaid Ghaeilge i gceantair uirbeacha, go mbunófaí Aonad Forbartha Lárnach le comhordnú a dhéanamh ar an teanga sa státchóras agus go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge.
duine uaillmhianach a dteastaíonn uaidh ambitious person who wishes
" Tá an leabhar seo scríofa don ghnáthphobal, don duine óg nach bhfuil eolas ar bith aige faoin gcluiche, don imreoir géar cumasach gur maith leis snas a chur ar a scileanna imeartha chun buachan ar a chairde agus don duine uaillmhianach a dteastaíonn uaidh pairt a ghlacadh i gcomórtais fichille.
i bhfad ródhíograiseach far too ambitious
" Bhí mé díograiseach ag an tús, déarfainn, i bhfad ródhíograiseach, déanta na fírinne.
spriocanna ardaidhmeannacha ambitious objectives
" Tá acadamh nua bunaithe i nDoire a bhfuil spriocanna ardaidhmeannacha leagtha amach aige.
uaillmhianach ambitious
" Ach tá a leabhar nua, (i)Fox, Swallow, Scarecrow(/i), rud beag uaillmhianach agus fadálach, dar le Pól Ó Muirí.