Duais roinnte a bhí ann, ambaiste, ach níor ghlac Vincent Coyne, cruthaitheoir *Eirtext*, a dhuais leis an líon céanna mothúcháin is a ghlac Lisa Domican a duais sise.
“Ambaiste,” arsa an Ciarraíoch, “ach níl mé ag glacadh leis!”
Tá súil agam nach mbeidh an toradh céanna ar dhá phróiseas comhairliúcháin thábhachtacha atá ar bun faoi láthair, próisis a mbeidh tionchar mór acu ar sheasamh agus ar chur chun cinn na Gaeilge san am atá le teacht.