Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
malairt rialtais alternative government
" Is é sin dul i mbun cainte *anois* roimh an olltoghchán le Fine Gael agus leis an bPáirtí Glas maidir le malairt rialtais a thairiscint do na vótóirí.
nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann that there is no alternative
" Caithfear cur ar a súile don Aire Síle de Valera nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann - go gcaithfear an £380,000 a chur ar fáil ar ais nó ar éigean.
mhalartach alternative
" Ansin tháinig an réabhlóid "mhalartach" agus tháinig leithéidí Patrick Kielty the Hole in the Wall Gang, Owen O'Neill agus Kevin McAleer chun cinn.
Níl an dara suí sa bhuaile ann there is no alternative
" Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.
mhalartach alternative
" Is ardscoil bheag mhalartach é Manhattan International a bunaíodh deich mbliana ó shin chun freastal, mar a deir an fhoireann, ar "riachtanais scoláirí ar inimircigh nua iad.
dearcadh ailtéarnach alternative outlook
" Is maighnéad é Aberteifi do dhaoine a bhfuil dearcadh ailtéarnach acu.
Níl an dara suí sa bhuaile againn we have no alternative
" “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.
fuinneamh malartach alternative energy
" Inneall gan truailliú nach gcuireann leis an téamh domhanda – slí chun neamhspleáchas ón ola a bhaint amach? Nach iontach an rud é? Is cinnte gurb ea, ach is gá an cheist a chur: cad as a dtagann an hidrigin seo? Bhuel, más réiteach idéalach atá muid a lorg, is as “fuinneamh malartach” (fuinneamh “glan” as an ghaoth nó as hidrileictreachas) a dhéanfar an hidrigin (scoiltear uisce (H2O) go leictreach chun hidrigin agus ocsaigin a tháirgeadh).
Malairt físe alternative vision
fhuinneamh malartach alternative energy
" ” De réir dealraimh, in áit níos mó airgid a chaitheamh ar thaighde faoin fhuinneamh malartach, tá an rialtas ag gearradh siar ar an chaiteachas sin.
mhalairt alternative
" Mar mhalairt air sin, b’fhéidir, is breá na dlúthdhioscaí atá eisithe ag daoine mar Chormac Breathnach nó Michael McGoldrick, fear a tógadh i Sasana - bíonn blas nua-aimseartha ar a chuid ceoil agus bíonn meascán neamhghnách uirlisí ag tabhairt tionlacain dó freisin.
breosla malartach alternative fuel
" An féidir a dtart a laghdú nó fiú staonairí a dhéanamh astu? Ó am go ham forbraíonn dream éigin gluaisteán a úsáideann “breosla malartach”.
ar fhuinneamh malartach. on alternative energy.
" Arís eile, níor mhór dreasachtaí eacnamúla a bheith ar fáil le taighde a dhéanamh ar fhuinneamh malartach.
rogha mhalartach alternative choice
" An dul chun cinn iontach é seo don tréimhse easpa ola atá romhainn, nó an bhfuil míbhuntáistí ag baint leo? Dar le George Bush agus neart daoine eile, is rogha mhalartach den scoth iad na bithbhreoslaí in áit ola, agus dar leo gur féidir leo ní hamháin astuithe a laghdú (rud atá fíor, go teoiriciúil) ach – trí laghdú a dhéanamh ar iompórtáil breosla ó thíortha míchairdiúla nó neamhsheasmhacha – “slándáil fuinnimh” a fháil don tír.
slite malartacha alternative ways
" Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach, tá béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós.
mar mhalairt ar ghluaisteáin. as an alternative to cars.
" Dála phobail chathracha na hEorpa, tá pobal Nua-Eabhrac ag tiontú ar an rothar mar mhalairt ar ghluaisteáin.
mar mhalairt orthu siúd as an alternative to those
" In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.
an fhealsúnacht ailtéarnach the alternative philosophy
" Tá an tSír fós an-tarraingteach dóibh siúd a bhfuil an fhealsúnacht ailtéarnach acu, agus bíonn gnóthaí ag tairiscint leigheasanna malartacha do gach saghas galair.
ag tairiscint leigheasanna malartacha offering alternative medicines
" Tá an tSír fós an-tarraingteach dóibh siúd a bhfuil an fhealsúnacht ailtéarnach acu, agus bíonn gnóthaí ag tairiscint leigheasanna malartacha do gach saghas galair.
nach raibh an dara suí sa bhuaile againn that we have no alternative
" Bheartaigh mé féin agus Norrie nach raibh an dara suí sa bhuaile againn ach dul i mbun gnímh ar son na bpáistí seo.
ní raibh an dara suí sa bhuaile had no alternative
" Ba ríléir gur rugadh maol ar an naonúr agus ní raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach an choir a admháil agus dul i muinín trócaire na cúirte.
nach raibh an darna suí sa bhuaile acu they had no alternative
" Go deimhin déanadh oiread sin de chiorrú ar bhuiséad an Údarás Comhionannais (43%) gur bhraith Príomhfheidhmeanach na heagraíochta, Niall Crowley agus seisear ball den bhord, nach raibh an darna suí sa bhuaile acu, ach éirí as a gcúram.
ailtéarnaigh alternative
" Fáthmheas agus Féinleigheas Deintear ana-chuid cainte faoi 'chakras' i saol an leighis ailtéarnaigh – nóid diamhaireacha a bhfuil fuinneamh, dathanna, mothúcháin, codanna lárnacha de chóras endocrine na colainne agus fuaimeanna na ngutaí luaite leo.
tSúil Eile alternative view
" Stíl na Loighce agus an tSúil Eile ============= Is minic a luaitear gur buntáiste mór do na Gaeil go labhraíonn siad Béarla, ach gan an míbhuntáiste ar thagraíos dó a bheith ag cur as dóibh.
foinsí fuinnimh malartacha alternative energy sources
" ” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
an tarna rogha no alternative
" Ba cheart go mbeadh lucht oibre na tíre seo ag seasamh gualainn le gualainn le lucht oibre na Portaingéile, na Spáinne, na Gréige mar go bhfuileann siad súd ag fulaingt an ruda chéanna agus tá siad deighilte lena chéile i ngach tír, na meáin ag cur isteach orthu, ag rá nach bhfuil an tarna rogha acu ach é sin a dhéanamh, ag inseacht éithigh don chuid is mó mar gheall ar ana-chuid des na rudaí seo.
malairt polaitíochta alternative politics
" Tá súil agam go mbeidh sa chéad Dáil eile freasúra le prionsabal den eite chlé, fiú amháin más ceathrar, cúigear nó seisear athá ansan, chun freasúracht de shaghas eile ar fad a chur ar siúl agus chun malairt polaitíochta agus malairt eacnamaíochta a chur faoi bhráid na ndaoine agus ins an tslí sin, abair, agus gluaiseacht nua a thógaint i measc cosmhuintir na tíre seo, chun polasaí agus polaitíocht agus eacnamaíocht nua ar bhonn nua a chur chun cinn.
Níl de rogha there’s no alternative
" Níl de rogha anois ag an cheiliúrán a shantaíonn an príobháideachas ach fanacht sa bhaile! É sin, nó an dlí a chur ar na daoine atá ag sárú orduithe na gcúirteanna.
ní bheidh an dara suí sa bhuaile had no alternative
" Agus ní bheidh an dara suí sa bhuaile ag lucht an tobac ach é sin a chur faoina bhfiacail agus é a chogaint.
Ní raibh an dara suí sa bhuaile had no alternative
"Ní raibh an dara suí sa bhuaile mar sin, dar le hAire na Gaeltachta, ach an comhlacht a leachtú.
an imill alternative
" Chomh maith leo sin, cloisfidh tú cláir éagsúla ann faoin timpeallacht, le ceol agus caint an imill, cláir agallaimh agus fiú ceol as an bPólainn, an Afraic is as an Spáinn, chun cuid díobh a lua.
an athchos the alternative leg
" Cheanglaíodh na gardaí an athchos leis an slabhra ó thráth go chéile, mar nuaíocht, ionas nach mbeadh an cime, d’easpa an chleachtaidh, in ann codladh go sócúlach.
Ní raibh aon dara rogha againn we had no alternative
" Ní raibh aon dara rogha againn ach filleadh abhaile.
le hainmneacha dúchasacha malairte a thabhairt to give alternative native names
" Reáchtáladh feachtas rathúil san Astráil le hainm dúchais a thabhairt ar ais do Loch Eyre, an loch is mó san Astráil, agus tá feachtas ar siúl sa Nua-Shéalainn le hainmneacha dúchasacha malairte a thabhairt don dá oileán mhóra ann.
gan an dara suí sa bhuaile aige having no alternative
" Le fada anois tá drochghníomhartha agus míchleachtais, ó thaobh spóirt de, curtha i leith Armstrong agus ar deireadh, agus gan an dara suí sa bhuaile aige dáiríre, d’admhaigh sé go raibh na líomhaintí fíor: gur bhain sé áirge as drugaí, cógais agus as cleachtais a bhí cosctha ag na húdaráis spóirt agus a chuidigh leis bua i ndiaidh bhua a bhaint amach i spórt na rothaíochta.
nuair nach raibh aon dul as aige when he had no alternative
" Duine daonna, tíriúil, greannúr, onórach, ach solúbtha, nuair nach raibh aon dul as aige – b’shin an Lincoln a chruthaigh Day-Lewis.
Ní raibh an dara rogha aige he had no alternative
" Ní raibh an dara rogha aige ach an pheil a fhágáil ina dhiaidh,” a deir an t-athair.
a mhalairt de rogha an alternative choice
" Déarfaidh ceannaire Fhianna Fáil go gcaithfear freasúra ceart a thabhairt don rialtas reatha agus a mhalairt de rogha a chur ar fáil don toghlach.
malairtí do chaismirt foréigneach alternatives to violent conflict
" D’inis sé don lucht éisteachta go gcothaíonn FPW malairtí do chaismirt foréigneach ar fud an domhain: san Afraic, sa tSiria, gach áit a bhfuil gá leis: *“We believe that there is an alternative to violent conflict.
níl aon dul as there’s no alternative
" Idir daoine bheith i mbun téacsála, scimeála ar an idirlíon nó ag breathnú ar an mbosca sa chúinne, níl aon dul as ach go bhfuil ceird an chomhrá sa phub, mar a bhí, faoi bhagairt.
ní raibh an dara rogha agam I had no alternative
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
Bíonn dhá leagan ar scéal there are alternatives views
nach raibh aon dul as aige he had no alternative
" **CMacS: Cén dearcadh a bhí agat ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin go raibh sé le héirí as a phost mar Choimisinéir Teanga?** AÓC: Sílim gur rud an-tromchúiseach é gur bhraith Seán Ó Cuirreáin nach raibh aon dul as aige ach éirí as a phost toisc nach raibh an stát ag cloí leis an reachtaíocht agus go raibh teipthe air féin an ceann is fearr a fháil ar an státchóras.