Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a
allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.