Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhghuaillíocht alliance
" Seacht n-uaire an chloig níos moille, scaoil comhghuaillíocht idir an LVF agus an UFF iriseoir cróga.
chomhaontas alliance
" Ag tochras ar a gceirtlín féin ======= Beidh sé rídheacair na tíortha sa chomhaontas a choimeád faoi smacht.
comhaontas alliance
" Ach dá rachadh an Lucht Oibre i bpáirt anois le Fine Gael agus an comhaontas Glas, chuirfeadh sin rogha níos soiléire deas-clé ar fáil don phobal ná mar a bhí acu riamh cheana.
comhghuaillíocht alliance
" comhghuaillíocht ======= Dúirt Gerry Adams go raibh an seanréimeas polaitíochta ag athrú agus gur féidir comhghuaillíocht a bhunú idir Sinn Féin, an Páirtí Glas agus Páirtí an Lucht Oibre le clár den eite chlé a chur chun tosaigh.
Comhghuaillíocht an Tuaiscirt The Northern Alliance
" Agus flúirse cócaoin ar an margadh, tá fianaise ann go bhfuil méadú ag teacht arís ar sholáthar hearóine an domhain ó chuir an tIarthar Comhghuaillíocht an Tuaiscirt i gcumhacht san Afganastáin.
comhghuaillíocht alliance
" B'fhéidir gur bua amháin, ó thaobh Shinn Fein de, a bhain le ráiteas Adams go ndearna sé damáiste don comhghuaillíocht idir Rialtas na Breataine agus ceannaire an UUP.
gcomhghuallaíocht áiféiseach silly alliance
" Ní hé raic na dtáillí ollscoile atá ar intinn agam, cé gur léir ón gcomhghuallaíocht áiféiseach idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar an gceist áirithe sin go bhfuil clochmhíle de shaghas éigin sroichte againn i stair na polaitíochta in Éirinn.
Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann The Irish Hospitality Industry Alliance
" Tá eagraíocht nua, Comhaontas Thionscal Fáilteachais na hÉireann, bunaithe acu.
comhghuaillíocht leathan a wide alliance
" Ba ghá ón tús gur comhghuaillíocht leathan a bheadh ag plé le ceist an Mheánoirthir agus nach mbeadh tír amháin ar bith ag feidhmiú mar phóilín domhanda.
comhghuaillíocht alliance
"comhghuaillíocht láidir curtha le chéile faoi scáth na heagraíochta nua aonaidhme, STÁDAS, agus feachtas á thionscnamh a bhfuil sé mar chuspóir aige dul i bhfeidhm ar an Rialtas faoi seo.
chomhghuaillíocht alliance
" Tá a fhoireann roghnaithe ag Bertie, ach an bhfuil sí láidir go leor leis an cheann is fearr a fháil ar an chomhghuaillíocht atáthar ar tí a chur le chéile le dul i ngleic le Fianna Fáil?
comhghuaillíocht alliance
" B'fhéidir go sílfeadh daoine áirithe gur comhghuaillíocht cineál saoithiúil é seo, ach, mar sin féin, tá sé thar a bheith éifeachtach agus cumhachtach.
An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas the North-South Polish/Latvian/Estonian Alliance
" Beidh Bertie Ó Hernia agus a dhrong muiníneach go leor as toradh a gclis, ach ní bheidh siad ag súil leis an pháirtí úr a bhunófar i bPoblacht na hÉireann agus sna Sé Chontae ag an aon am amháin: An Comhaontas Polannach/Laitviach/Eastónach Thuaidh-Theas, a rachaidh i gcomhrialtas leis an Chomhaontas Bándearg, agus a chruthóidh rialtas úr le Séamus Walesa mar Thaoiseach.
an Chomhghuallaíocht Cheanadach the Canadian Alliance
" Nuair a leathann a gháire ar Harper, géaraíonn an bainne féin! Is é Alberta in iarthar na tíre a phríomhdhaingean cumhachta agus idé-eolaíochta agus is ann a bhí a cuid fréamhacha ag an Chomhghuallaíocht Cheanadach.
comhghuaillíocht alliance
" Is éard atá in *Love Ulster *na comhghuaillíocht ina bhfuil Fir Bhuí, dílseoirí paraimíleatacha agus daoine a bhí thíos le foréigean an IRA.
comhaontas alliance
" Ag an am chéanna, bhí comhaontas ag de Courcy leis an tuath a dtugtar Ulaidh orthu.
comhghuaillíocht alliance
" Beidh orainn na táillí uisce a dhíol, tá na *Shinners *agus an DUP ag iarraidh an UUP agus an SDLP a alpadh, bhí ruaille buaille idir comhghuaillíocht an SF/DUP agus an SDLP/UUP fá dheontas don UDA, tá Fianna Fail ag trasnú na teorann .
i mion-chomhghuaillíochtaí in mini alliances
" Cé go mbeadh sé de chumhacht ag an stát seo fanacht amuigh as gníomhaíocht mhíleata, tá próiseas nua le tabhairt isteach ar a dtabharfaí comhoibriú struchtúrtha a ligfeadh do chuid de na stáit teacht le chéile i mion-chomhghuaillíochtaí le cead, le hairgead agus le háiseanna iompair an AE.
iarrthóir de chuid chomhghuaillíocht páirtithe éagsúla candidate of an alliance of various parties
" Roghnaíodh í mar iarrthóir de chuid chomhghuaillíocht páirtithe éagsúla: An Comhaontas Glas, Páirtí an Daonlathais Chlé agus Páirtí an Lucht Oibre.
Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann The Alliance Party of Northern Ireland
" Bhí sé mar a bheadh aisling Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann fíoraithe! Dúradh liom go raibh bratach na hÉireann le feiceáil ag na *Proms* i Londain agus i Manchain, ach d'imigh an bheirt againne ó Halla na Cathrach píosa maith roimh "Rule Britannia".
chomhghuaillíocht úr new alliance
" Bhí siombalachas an triúir éagsúil sin ag caint go neamhbhalbh ar an téad céanna agus creidim go ndéanfaidh an chomhghuaillíocht úr maitheas don phroiséas polaitiochta san fhadtéarma.
Chomhaontais Triaraigh trident alliance
" Baineadh an bonn ón bpobal nua, áfach, nuair a cuireadh tús le Cogadh an Chomhaontais Triaraigh i 1864, a mhair go 1870.
Chomhaontas alliance
" com/watch?v=nuZEsHja7Js&feature=related) Anois, cad é is féidir le Balor a rá faoina chara, an Tánaiste Máire Ní Chlochráin, agus a meancóg (mo thóin!) faoi na Glasraí sa Chomhaontas Glas.
chomhpháirtíocht alliance
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
comhaontas scaoilte loose alliance
" Maíodh go minic nach raibh san Astráil roimh an bhfeachtas ach comhaontas scaoilte na sé stát, agus gur mhothaigh muintir na tíre go raibh siad mar shaoránaigh na stát éagsúil seachas mar Astrálaigh.
Comhghuaillíochta Alliance
" Luascadh 20% a bhí ann do Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuaillíochta.
comhghuaillíocht alliance
" Mar sin, is athrú bunúsach, radacach, réabhlóideach athá ag teastáil agus comhghuaillíocht idir ghnáthdhaoine na hEorpa, mar is iad súd atá thíos leis an mbrabúsaíocht agus an specúiléireacht ins an gcóras mar atá i láthair na huaire.
chomhghuaillíocht alliance
" Rogha Eile don Lucht Oibre: =========== Mura mbeadh an Lucht Oibre sásta a bheith ag brath ar thacaíocht a lorg ón *“ragbag of Independents and other hard left groupings”* mar a thug Róisín Shortall orthu le gairid, tá rogha eile ann do chomhghuaillíocht a bheadh níos seasamhaí.
chomhghuaillíocht alliance
" I gCoinne Gunnaí ========= Ar an lá céanna a tháinig físeán al-Qaeda amach, d’eisigh an chomhghuaillíocht Mayors Against Illegal Guns (MAIG) preaseisiúint mar fhreagra air.
comhghuaillíocht stát alliance of states
" Na hAmhais ====== Eagras comhghuaillíocht stát a bhíodh i ECAT go dtír gur thit Dallóg an Iarainn.
bPáirtí na Comhghuaillíochta Alliance Party
" An méid Preispitéireach nár theith go Ceanada nuair a thiontaigh córas an stáit abhus glan ina n-éadan i ndiaidh 1798 agus 1803, bhí orthu umhlú agus is féidir céatadán sách ard díobh a shonrú i bPáirtí na Comhghuaillíochta inniu.
comhghuaillíochtaí gan choinne an unexpected alliance
" Ar feadh scathaimh, fásann comhghuaillíochtaí gan choinne idir an bheirt bhan, agus idir na fir freisin – ní fada ó éinne seantrinsí cogaidh an ghnéis nuair a théann fearg, ego agus uisce beatha chun oibre ar aghaidh fidil na siabhialtachta comhaimsirí árasánúla.
comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta a strategic alliance agreement
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
chomhghuaillíocht neamhghnách seo this unusual alliance
" Tugtar an 'Maamtrasna Alliance' ar an chomhghuaillíocht neamhghnách seo.
bpáirtí an Chomhaontais the Alliance Party
" Ar an Alliance a cuireadh an locht uilig (ainneoin go raibh Sinn Féin ag iarraidh nach gcrochfaí an bhratach ar chor ar bith) ach *“easy targets”* a bhí i bpáirtí an Chomhaontais.
Comhghuaillíocht Spriocdhírithe an alliance with targets
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
Pháirtí an Chomhaontais the Alliance Party
" Tharla an chonspóid mar go raibh na polaiteoirí Aontachta ag iarraidh brú a chur ar Pháirtí an Chomhaontais i mBéal Feirste, dar leis.
ar a dtugtar an Chomhghuaillíocht which is called the Alliance
" Beidh móramh an-mhór ag an rialtas nua, ar a dtugtar an Chomhghuaillíocht, atá comhdhéanta den Pháirtí Liobrálach agus den Pháirtí Náisiúnta.
don chomhghuaillíocht neamhfhoirmeálta Siach seo to this informal Shiite alliance
" Dá gcuirfí deireadh le rialtas Assad, ba bhuille mharfach é, nach mór, don chomhghuaillíocht neamhfhoirmeálta Siach seo idir thrí thír.
dhírigh an chomhghuaillíocht ar the alliance targeted
" Leis an sceimhle is mó a chruthú amuigh faoin tuaith i gceantar a bhaist an tAthair Denis Faul The Murder Triangle air i Lár Uladh, anuas ar an tseicteachas, dhírigh an chomhghuaillíocht ar Chaitlicigh a bhí ag dul go maith sa saol, daoine a bheadh in ann tionchar a imirt i gceantracha Protastúnacha agus b'éigean sin a stopadh.