An Ghéarchéim a Tuaradh
============
**SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar
airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?**
SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san.