**SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus
an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?**
TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.