Tá dhá oiread de sheans ann go bhfaighidh tú bás ó ailse más den ghrúpa is ísle tú ná an grúpa is airde, agus seans 340% níos mó go bhfaighidh duine a bhaineann leis an aicme is ísle galar ainsealach scamhóg.
Tuigtear go soiléir go bhfuil an iomarca meáchain agus murtaill i measc na bhfachtóirí riosca is measa do réimse leathan galar ainsealach, leithéidí hipirtheannais, diaibéitis agus galair chardashoithíocha.