Bhí tuairim is 10 ngrúpa agus suas le 25 duine sa seomra leis na toscairí agus iad uile ag tabhairt na teachtaireachta céanna dóibh: go bhfuil ár n-oidhreacht á scrios ar mhaithe le forbairt ainrianta agus go bhfuil an rialtas agus an tAire beag beann ar thuairim an phobail.