Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d'éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.
Ag tús ré Sheáin bhí contae na Mí in umar na haimléise ó thaobh fhoireann pheile an chontae de, in ainneoin thraidisiún na peile a bheith an-láidir agus an-fhada sa Chontae Ríoga.
An bhfuil cúrsaí iománaíochta in umar na haimléise? B'fhéidir go ndéarfadh léitheoirí gur gealtán iomána mé ach braithim easpa cur chuige i mbliana ó thaobh cur chun cinn an tseanchluiche ársa.
An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
Ní raibh ceachtar den dá phríomhaidhm náisiúnta – athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge – bainte amach aige agus bhí an geilleagar in umar na haimléise.
Ach caidé faoin gheilleagar? Bhuel, de réir mar a bhí an bhliain ag dul isteach, bhí glór George Lee ag dul síos, síos, síos – an fear bocht ag dul níos mó agus níos mó le haimléis agus le hainnise.
Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in Umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
Tagann an t-eolas seo sna sála ar thuarascáil de chuid Chomhairle na hEorpa agus na Roinne Oideachais féin (“*Language Education Policy Profile for Ireland”*) a thug le fios le gairid go raibh an Ghaeilge sa chóras oideachais “in umar na haimléise” agus beagnach “i ndeireadh na feide.
Feallmharú ceannaire
Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go
sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá spórt agus sult agus sú an tsamhraidh fágtha taobh thiar dínn anois agus tá muid ar ais mar is cóir agus mar is dual do na Gaeil a bheith: faoin anó, aimléis agus faoi ainnise.
Cuirtear deireadh leis an scéal le comhrá gairid idir an bainisteoir agus an t-imreoir agus iad in umar na haimléise tar éis do Dhún na nGall a bheith buailte ag Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
a bhí in umar na haimléise ceartwho were really despondent
Seachas Caoimhín O hIfearnáin i 1974, a phleanáil agus a stiúir foireann peile Átha Cliath, a bhí in umar na haimléise ceart ag tús na bliana sin, chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan, is deacair cuimhneamh ar aon bhainisteoir eile ar fhoireann chontae ar bith a rinne gaisce chomh mór is atá déanta ag Jim Mac Géibheannaigh.
Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil sé iomarcach a bheith ag trácht ar chearta eachtrannach sa tír seo nuair atá an méid sin Éireannach in umar na haimléise.
Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.