Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein
ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.