Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iarnóin afternoon
" Más amhránaíocht a thaitníonn leat mar shampla, bíonn sin le cloisteáil beagnach gach iarnóin i dTigh Uí Mharranáin áit a bhfuil an pórtar is deise ar an mbaile! (Comhtharlúint?) Bíonn an ceadal amhránaíochta i gcónaí ar an Aoine thart ar 3.
san iarnóin this afternoon
" Bhí ambasadóir na Breataine anseo san iarnóin.
an tráthnóna sin. that afternoon.
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
um thráthnóna. in the afternoon.
" Ba mhinic ina dhiaidh a d’imrínn cluiche iomána nó peile maidin dé Domhnaigh, agus cluiche rugbaí um thráthnóna.
iarnóin afternoon
" Bhí an teocht suas go 47 céim Celsius in áiteanna ar an lá sin féin, bhí an taise an-íseal agus d’éirigh an ghaoth ní ba láidre san iarnóin.
feasgar afternoon
" Cuin a tha e ann?Tha e gu bhith a' gabhail àite air feasgar Disathairne, 20 Òg-mhìos 2009.
iarnóin afternoon
" Beirt stróinséar, is cosúil, iarnóin fhada le cur isteach acu sula n-imí sé ar thraein a’ naoi.
lucht féachana na hiarnóna the afternoon audience
" ==== Agus mé sa scuaine ar thráthnóna seolta in Éirinn d’obair Terrence Malick, *‘The Tree of Life’,* siúd chugainn ón bpictiúrlann amach lucht féachana na hiarnóna.
Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna people perked their ears in the afternoon
" Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna nuair a labhair cainteoirí ó Údarás na Gaeltachta, ó COGG, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.