Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
B'acmhainn leo they could afford
" B'acmhainn leo é sin a dhéanamh, ach an rud ba shuimiúla dom ná go raibh an toradh ar an infheistíocht níb airde ag na fir chéanna nuair a chuir sé iad i gcomparáid le "mionlaigh" eile - mná, daoine neamhbhána agus "dropouts" nár chríochnaigh a gcúrsaí ollscoile.
le go mbeidh sé d'acmhainn acu so that they can afford
" Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d'acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.
an bhfuil sé i d'acmhainn can you afford
" Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht? Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
mar nach acmhainn dúinn because we can't afford
" Tá an fhoireann beag mar nach acmhainn dúinn daoine eile a fhostú.
ní hacmhainn linn we can't afford
" An praghas dá réir, faraor; ní hacmhainn linn oiread is ubhchupán a cheannach.
atá sé in acmhainn againn a íoc that we can afford
" An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
nach mbeadh sé in acmhainn clann a thógáil that he couldn't afford to rear a family
" Admhaíonn Colm gur beag airgead atá déanta acu ó thosaigh siad, go bhfuil sé deacair acu maireachtáil ar an cheol agus nach mbeadh sé in acmhainn clann a thógáil, cuir i gcas.
bhí sé de ghustal againn we could afford
" Nuair a bhí an geillgear faoi lánseol tuairim is 15 bliana ó shin, bhí sé de ghustal againn costais an mhaonlathais a íoc.
a mbeadh sé d'acmhainn aige who could afford
" Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trí-theangacha crochta anois: "*Keine Dogs*, le bhur dtoil! *Keine Paddies *le bhur dtoil!" Magadh beag searbh atá ann nó níl *Paddy *ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d'acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnachta nach bhfuil ite.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford to buy
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
in acmhainn they couldn't afford
" Lena chois sin, ní raibh na comhlachtaí beaga ceirníní ar leo na grúpaí *Alpenrock *in acmhainn cur in aghaidh Sony ná EMI.
níl sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc ordinary people can't afford to pay that much
" " Costas ard ======= Chosain sé €680 an RTC a fháil agus níl sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a leithéid a íoc; b'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Dochtúir Newman nuair a deir sé go bhfuil na tuairiscí seo á gceilt ar an bpobal.
más acmhainn dóibh é if they can afford it
" Ní féidir locht a chur ar dhaoine as imeacht thar lear cúpla uair sa bhliain más acmhainn dóibh é.
Níl mé féin in acmhainn cónaí I can't afford to live
" "Níl mé féin in acmhainn cónaí san áit ar éirigh mé aníos," a deir Guerrera, arbh as Maigh Eo a mháthair sular shocraigh sí síos leis an teaghlach i Rockland County.
níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích I can't afford to do it
" MOLLY: Ó? MÁNAS: Tá smaointeamh mór amháin i mo cheann agam ach níl an acmhainn agam le é a chur i gcrích.
Is acmhainn dóibh a leithéid a dhéanamh. They can afford to do such a thing.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford
" Ceannaíonn siad na himreoirí is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach ionas go mbuafaidh siad cluichí agus coirn chun an lucht leanúna a mhealladh le ticéid, léinte agus araile a cheannach.
is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh there's a danger that some won't be able to afford to make their repayments
" Bhí daoine breá sásta iasachtaí móra a ghlacadh bunaithe ar rátaí ísle úis ach anois is baolach nach mbeidh sé d’acmhainn ag cuid acu a gcuid aisíocaíochtaí a dhéanamh.
is acmhainn dóibh they can afford
" Dar ndóigh, ar nós mórán eile sa tír seo, má tá go leor airgid ag tuismitheoirí is acmhainn dóibh a gclann a chur chuig scoil phríobháideach agus bheith cinnte go mbeidh togha na n-áiseanna oideachais agus spóirt ar fail dóibh.
in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana able to afford to travel from Ireland to England
" Ní raibh an chuid is mó acu in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana ach uair nó dhó sa bhliain, agus bhí sé deacair do theaghlaigh a raibh páistí óg iontu taisteal agus lóistín a eagrú.
Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir. my people wouldn't be able to afford that
"Ní bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir.
rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh something I couldn't afford
" Déanaim turais eagraithe a sheachaint de ghnáth, ach seachas carr a thógáil ar cíos, rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh, ní raibh mórán de rogha agam ach áit a chur in áirithe ar thuras i Windhoek, príomhchathair na tíre.
in acmhainn, able to afford,
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
mura bhfuil tú in acmhainn if you can't afford
" Téann go leor acu ag seilg sa choill de cheal airgid; mura bhfuil tú in acmhainn dul go Pak ’N’ Save, is ansiúd a théann tú.
ní hacmhainn don cannot afford to
" Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse: - (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil; - (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta; - (iii) de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.
in acmhainn freastal ar able to afford attending
" An mbeidh siad in acmhainn freastal ar Chorn na hEorpa faoi mar a rinne a n-aithreacha rompu i 1988 an chéad uair a cháiligh foireann Phoblacht na hÉireann don mhórfhéile sacair seo? Ach, múineann gá seift agus ar nós dream 88, éireoidh le dream 2012 ceann scríbe a shroicheadh.
a bhronnann which affords
" Is cead siúl traidisiúnta é an 'Betretungsrecht' sa Ghearmáin a bhronnann saoirse fánadóireachta ann agus tá an cheathrú chuid de thalamh na tíre faoi úinéireacht Pháirceanna Náisiúnta.
nach acmhainn dóibh who can’t afford
" Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin.
arbh acmhainn leo iad a cheannach who could afford to buy them
" Thaistil sé fud fad na hEorpa ag eagrú taispeántais de na lóchrainn draíochta nua-chruthaithe sin agus dhíol sé iad leo siúd arbh acmhainn leo iad a cheannach.
nach bhfuil in acmhainn cóir leighis a fháil who can't afford to get medical treatment
" Tá go leor daoine bochta in Éirinn nach bhfuil in acmhainn cóir leighis a fháil agus ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh an rialtas sásta airgead ceart a chaitheamh ar an gcóras sláinte.