Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
choiste comhairleach advisory committee
" Bhí obair mhór ann don choiste comhairleach díograiseach a d'oibrigh beagnach dhá bhliain chun an t-ábhar a chur le chéile.
ról comhairleach advisory role
" ról comhairleach ======= Go dtí seo is ról comhairleach is mó atá glactha ag an Choimisiún Ach tá cumhachtaí eile i bhfad níos láidre aige.
seirbhís chomhairleach advisory service
" Cuireann an tÁras réimse leathan seirbhísí ar fáil don phobal - seirbhís chomhairleach in úsáid na Gaeilge, seomraí cruinnithe, seirbhísí rúnaíochta, dearadh póstaer, leabhrán, ticéad, etc.
Coiste Comhairleach na Sláinte Atáirgthe the Reproductive Health Advisory Committee
" I mí na Nollag 2003, vótáil Coiste Comhairleach na Sláinte Atáirgthe san Údarás Bia agus Drugaí (an FDA) 23 in aghaidh a ceathair i bhfábhar an piollaire seo a chur ar fáil do mhná gan oideas, mar a tharlaíonn i dtrí thír is tríocha eile, An Bhreatain san áireamh.
an Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí National Advisory Committee on Drugs
" Taispeánann figiúirí de chuid an Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí do 2002/2003 gur bhain suas le 5% de dhaoine óga idir 15-34 bliain triail as cóicín ar a laghad uair amháin.
neart painéal comhairleach, plenty of advisory panels,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
Comhairliúcháin advisory
" Cuireadh an Grúpa Comhairliúcháin ar bun chun comhráite a beith acu le grúpaí agus le haonaráin ar an dóigh is fearr ‘oidhreacht na dTriobloidi’ a láimhseáil.
COGG comhairleach advisory
" ” Dúirt sé go mbeadh an t-athrú céime ó COGG comhairleach go COGG reachtúil, ag glacadh cuid den chumhacht ón Roinn Oideachais agus é a thabhairt do COGG agus seans a thabhairt do dhaoine vóta a chaitheamh dá n-ionadaithe i COGG mar a dhéanann siad leis an Údarás agus le heagraíochtaí eile.
chomhairliúcháin advisory
" Níor mhór an cheist a chur, cad chuige ar dhiúltaigh an rialtas do bhreis is tríocha ceann de na moltaí sin? An raibh fiúntas ar bith leis an phróiseas fhadálach chomhairliúcháin - idir chruinnithe pobail, aighneachtaí srl.
de thaighde agus de chomharliúchán of research and advisory sessions
" Faoi dheireadh thiar thall, tar éis dhá bhliain déag de thaighde agus de chomharliúchán, bhí beartas an rialtais i leith na Gaeltachta le cur inár láthair.
cháipéis chomhairliúcháin an advisory document
" *" Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: "*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.
phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin comprehensive advisory process
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn Irish Pet Advertising Advisory Group
" An mhí seo, tionólfar an chéad chruinniú don Mheitheal Chomhairleach um Fhógraíocht Pheataí in Éirinn agus tabharfar cuireadh do dhreamanna a bhíonn ag plé le leas ainmhithe agus d'ionadaithe ó na láithreáin ghréasáin freastal ar an meitheal.
chomhairliúcháin advisory
" Leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:** Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny Mc Ginley, ag an Oireachtas i 2011, go raibh an tAcht le leasú agus go mbeadh ról ag an phobal ins an phróiseas chomhairliúcháin.
tréimhse chomhairle thuasluaite advisory and counselling period abovementioned
" Ní fhaca mé poiblíocht nó bolscaireacht ar bith faoin tréimhse chomhairle thuasluaite; fuair mé amach faoi nuair a bhí mé ag déanamh taighde le haghaidh mo chúrsa timpeallachta anseo ag Oideas Gael.
Comhairliúcháin advisory
" D’fhág sé ábhar machnaimh ag cách, ar dhroim a raibh sa tuarascáil féin a d’fhoilsigh an Grúpa Comhairliúcháin an lá sin.