Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
admháil admission
" Níor thug an Brainse an téip a raibh an admháil air do Stevens mar go raibh siad ag baint úsáide as an spiaire mar ghníomhaire dá gcuid féin.
admháil a bheith ciontach admission of guilt
" Ar chóir, mar shampla, go mbeadh ról ag breitheamh maidir leis an méid damáistí a bhronnfaí ar dhuine i gcás leabhail? Tharraing tuarascáil Hassain aird freisin ar an reachtaíocht neamhghnách atá sa tír seo a thugann ar na cúirteanna breathnú ar ghabháil leithscéil mar admháil a bheith ciontach.
cead isteach saor in aisce free admission
" An rud a tharlaíonn i dTuaisceart Éireann ná go n-osclaítear a lán áiteanna suimiúla ar feadh deireadh seachtaine gach Meán Fómhair agus bíonn cead isteach saor in aisce i gceist.
an admháil thruamhéalach seo this piteous admission
" B’fhada an admháil thruamhéalach seo ón cheiliúradh mór a rinneadh nuair a d’fhógair Aire Airgeadais an ama, Charlie McCreevy, an polasaí i gcáinaisnéis na bliana 2004.
admháil teipe admission of failure
" Mar shampla, dúradh i léirmheas amháin a léigh mé gur "admháil teipe” é an rogha teanga.
leath-admháil a half-admission
" Faighim leath-admháil uaidh, áfach, gur seans nárbh é sin an rud ab fhearr dó a dhéanamh.
Saor cead isteach admission free
in ainneoin na hadmhála go léir dispite all the admission
" Ach, in ainneoin na hadmhála go léir, bhí sé le brath ar a chuid cainte agus ar a shúile nach raibh aiféala air faoin méid a bhí déanta aige ach gur rugadh air agus go mb’éigean an fhírinne a insint amach.
Admhálacha faighte faoi bhagairt admissions obtained under duress
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
a n-admhálacha gan síniú faoi bhráid na cúirte their unsigned admissions before the court
" Anuas air sin, mhaígh na póilíní gur admháil na fir go léir go raibh siad páirteach sa chomhcheilg agus chuir siad a n-admhálacha gan síniú faoi bhráid na cúirte.
Bhí saorchead isteach ann admission was free
" Bhí saorchead isteach ann agus bhí neart rudaí idirghníomhach chun iad a choinneáil ag imeacht.
saorchead isteach free admission
" Aisteach go leor, tá saorchead isteach ann.