Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trasna na nAlp across the Alps
" Ach tá tionscadail ardaidhmeannacha eile ann, ina measc plean chun droichead a thógáil trasna Chaolas Messina idir an tSicil agus deisceart na hIodáile; tollán mór costasach faoi na Pyrenées; agus feabhas ar na bóithre agus na hiarnróid a théann trasna na nAlp.
trasna na leithinse across the peninsula
" Ansin thiomáin mé trasna na leithinse go dtí An Fheothanach, an áit a raibh mo lóistín.
trasna na láibe across the mud
" Bhí lag trá ann, agus shiúil muid amach trasna na láibe ó charrchlós beag in aice leis An Mhainistir Liath.
trasna fhairsinge mhór páirceanna ar cúl across a big expanse of fields at the back
" Tá radharc iontach ón chaisleán, trasna fhairsinge mhór páirceanna ar cúl, agus go dtí na Beanna Boirche sa treo eile.
trasna na má across the plain
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
trasna faiche fairsinge across an expanse of lawn
" Tá an teach mór le feiceáil trasna faiche fairsinge agus cnoic ghorma taobh thiar de.
thar teorainn across the border
" Níor dúradh sa chlár, mar shampla, gur inis Peter Berry, a bhí mar rúnaí ag an am ar an Roinn Dlí agus Cirt, don Loingseach i mí Dheireadh Fómhair 1969 faoin chruinniú i gCoill an Choilligh i gContae an Chabhán inar beartaíodh go gcabhródh Arm na hÉireann leis an IRA gunnaí a chur thar teorainn agus go raibh Ó hEochaidh agus Blaney páirteach.
trasna na má across the plain
" Tá an bóthar casta ag dul trasna na má idir carnáin ghéara fhéaracha a chuir an Bhriotáin in gcuimhne dom.
tharraing sí buille leis trasna an éadain air she hit him across the face with it
" Thóg sise uaidh é, agus tharraing sí buille leis trasna an éadain air.
Trasna na ngarranta across the small enclosed fields
" ‘Trasna na ngarranta.
tharraing sí buille leis trasna an éadain air she hit him across the face with it
" Thóg sise uaidh é, agus tharraing sí buille leis trasna an éadain air.
Trasna na ngarranta across the small enclosed fields
" ‘Trasna na ngarranta.
thar an tairsigh across the threshold
" B’fhacthas do Mháire go raibh tamall millteanach idir iad an geafta a fhoscladh agus a theacht isteach thar an tairsigh.
trasna na leithinse across the peninsula
" Ansin chuaigh muid trasna na leithinse go dtí iarsmaí seanséipéil ón ré chéanna, in aice le Baile Bháltair – b’ainm coitianta Normannach é Bháltair.
trasna na teorann san áireamh including across the border
" Ba mhaith linn freisin lámh a shíneadh amach chuig an phobal, trasna na teorann san áireamh.
trasna Mhuir nIocht across the Channel
" Chuaigh an dá churach ó Penzance sa Chorn trasna Mhuir nIocht go dtí an Bhriotáin.
trasna cnoc glas across green hills
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
trasna cnoc glas across green hills
" Bóthar álainn a bhí ann, míle i ndiaidh míle trasna cnoc glas, agus gan duine ná deoraí le feiceáil.
trasna na teorann across the border
" Is iomaí duine a bhfuil cuimhne aige ar an smuigleáil a chuaigh ar aghaidh le linn an Dara Cogadh Domhanda trasna na teorann.
trasna an chlóis across the yard
" Lean mé í trasna an chlóis, thar Cró na mBuaiteoirí go dtí an foirgneamh nua, áit a raibh an fógra seo ar an doras: “Owners, trainers and jockeys only beyond this point”.
trasna oighearshrutha across a glacier
trasna na bá, across the bay,
" Bhí mé amuigh le grúpa siúlóirí ó chúrsa Oideas Gael ar Ros Eoghain nuair a chas muid air agus bhí sé ag díriú a mhéire ar Chionn Ghlinne agus ar an Storrúil, trasna na bá, ag rá, “Sliabh Liag, Sliabh Liag” linn.
trasna abhann reoite across a frozen river
" Ach an chuid is mó den am, caithfidh tú dreapadh síos bruach abhann agus go minic dul trasna abhann reoite le bun an oigheareasa a bhaint amach.
thar gach aicme, across every class,
" D’imir tromlach den phobal (79%), thar gach aicme, spórt uair éigin – spórt foirne is mó i gcás daoine óga.
díreach trasna an bhóthair directly across the road
" D’imir mé ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé – cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne.
trasna an inbhir. across the estuary.
" Ar an bhealach abhaile, stad muid ag ceann Chaol Thunga agus dhreap muid suas go dtí broch darb ainm Dun na Maigh, a bhfuil radharc leathan uaidh trasna an inbhir.
chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad they used to be sent across the Atlantic Ocean
" Cheannaítí na sclábhaithe ar chósta thiar na hAfraice go príomha, agus chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad go dtí na plandálacha sa Mhuir Chairib agus chucu siúd i Meiriceá Theas**.
rud atá le sonrú go soiléir something that comes across clearly
" Cé go bhfuil breis agus ceithre scór bainte amach ag na daoine ar fad a bheidh le cloisteáil faoi agallamh i gcaitheamh na sraithe seo, tá siad uilig fós an-ghníomhach agus tá siad lán fuinnimh, rud atá le sonrú go soiléir sna hagallaimh.
trasna an locha across the lake
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
trasna an Atlantaigh across the Atlantic
" Ach caithfidh mé a rá nach cuimhin liom é ina iomláine – chuamar isteach i gcarbhán éigin le Rory Gallagher agus d’ólamar cuid mhór uisce bheatha!”An earnáil teilifíseI ndiaidh dó na blianta a chaitheamh ag gabháil don cheol, cén chaoi ar tharla sé go ndeachaigh sé leis an léitheoireacht teilifíse?“Theastaigh uaim a fháil amach cad a tharla do cheol traidisiúnta na hÉireann nuair a tógadh trasna an Atlantaigh é den chéad uair.
trasna na farraige. across the sea
" Ó bharr na faille, bhí na Beanna Boirche i gContae an Dúin le feiscint an lá breá sin trasna na farraige.
trasna tóchair agus droichid across a culvert and bridge
" Is ar oileán fada caol atá an chathair suite agus ní féidir dul ann ach trasna tóchair agus droichid atá ceithre mhíle ar fhad.
trasna na sráide across the street
" Chuaigh sé trasna na sráide chuig teach pobail Shéipéal Chríost an Rí le beannachtaí na féile a ghuí ar an sagart áitiúil, an tAthair Kevin Mullan, agus ar a phobal.
trasna na teorann across the border
" Lean mé ar aghaidh trasna na teorann leis an Spáinn go dtí gur bhain mé Col de Lopoeder amach.
trasna across
" Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise.
ar fud na cruinne across the globe
" Tharraing an comórtas aird ar fhadhb na ndaoine gan dídean agus ar na hiarrachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne le dul i ngleic léi.
ag baint na sála dá chéile climbing across each other
" Bítear ag baint na sála dá chéile leis na figiúirí caiteachais is mó a chuirfeadh alltacht ar a bpobal léitheoireachta a fhoilsiú.
snámh trasna to swim across
" Nuair a theipeann ar iarracht a thugann sé féin agus compánach dá chuid dul i bhfolach ar leoraí atá ar tí an bád farantóireachta a bhordáil, socraíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach snámh trasna.
trasna na teorann across the border
" Ní hionadh mar sin go bhfuil an oiread sin Karen tar éis teitheadh trasna na teorann isteach sa Téalainn.
baint na sála dá chéile jumping across each other
" Ag am ina bhfuil ollchomhlachtaí domhanda ag baint na sála dá chéile ag tréigean na tíre, ba cheart go mbeadh muid ábalta titim siar ar na nithe atá againn go nádúrtha.
thar sáile across the sea
" Agus cad é faoi na Francaigh a bhí ag teacht thar sáile? Ní thig léi canadh fúthu siúd níos mó, nó tá na Francaigh uilig ar shiúl abhaile arís thar sáile, le teann díomá agus ocrais agus bamba agus eile.
trasna across
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
thar toinn do ráinig chugainn reached us from across the seas
" “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”! Ar Son na Tíre ======= Tá raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile.
trasna na dtonnta across the sea
" Cluiche breá spórtúil a bhí ann idir dhá fhoireann a bhí ag déanamh iarrachta chomh tréan is a bhíodar in ann chun an bua a fháil agus an Corn Ceilteach a choinneáil sa bhaile i gcás amháin nó a bhreith leo trasna na dtonnta go dtí A’ Gháidhealtachd sa chás eile.
trasna na n-earnálacha éagsúla across various sectors
" Measann Páirtí an Alliance gur féidir idir £16m agus £80m a shábháil dá mbeadh comhoibriú idir na scoileanna agus trasna na n-earnálacha éagsúla oideachais.
sall across
" Tógadh muid sall chuig foirgneamh na scoile tar éis dúinn éisteacht le caint ar stair agus ar nósanna na treibhe ó roinnt ógánach, a bhí i gceannas ar an tionscadal turasóireachta, de réir dealraimh.
trasna na teorann across the border
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
trasna na teorann across the border
" Leis an rialtas agus na meáin chumarsáide ag sodar i ndiaidh "a mórgachta" an mbeidh déagóirí na tíre meallta trasna na teorann go dtí an oifig earcaíochta i mBéal Feirste? An cuma le Enda Ó Cionaoith faoi seo? An mbeidh sé i láthair ag na sochraidí?
thar an leathanach across the page
" Bhí muid cromtha thar an leathanach ag scríobh go faichilleach ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mhéid a bhí scríofa thuas ar an chlár.
trasna across
" Leath bealaigh tríd an chruinniú, chuala muid an fheadóg á séideadh agus rith muid trasna réamhchúirt an stáisiúin artola agus amach ar *Kilburn High Road*, rud a chuir mearbhall ar na póilíní ar dtús.
thar ghréasán gan trealamh ar bith eile across a network without any other equipment
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
trasna na teorann across the border
" Ach dúirt sé fosta go raibh a lán comharthaí den chríochdheighilt ag dul ar ceal: "Níl aon bhac ort anois ag dul trasna na teorann.
thar na craigeanna loma across the bare rocks
" An dá luath ’s a d’imigh muid den bhóthar thar na craigeanna loma, bhí léargas eile le fáil ar shaol an oileáin.
trasna na reilige across the cemetery
" Ghlaoigh sí láithreach ar a cara Hayden (nach bhfuil Gaeilge aige), a bhí trasna na reilige agus i mbarr a gutha ghlaoigh as Béarla "A Hayden - níl Gormaigh ar bith sa reilig seo!" Ní phléitear cine i Meiriceá go poiblí, agus is é an t-ábhar is conspóidí i Meiriceá go fóill é, déarfainn, ach bhí Ána agus a comhdhaltaí ag foghlaim faoi stair an chine ghoirm le déanaí ar scoil, óir is é Feabhra "Mí Stair an Chine Ghoirm" i Meiriceá.
thar an idirlíon across the internet
" Is féidir leo imirt leo féin nó is féidir imirt thar an idirlíon le cairde agus stráinséirí.
thar chiumhais aille across a cliff edge
" Caithfidh tú tú féin a stad sula mbuailfidh tú carraig nó sula dtéann tú thar chiumhais aille chun do bháis.
feadh an urláir across the floor
" Ansin tarraingíodh í as an gcathaoir rotha ina raibh sí feadh an urláir.
trasna an iomaire across the ridge
" Ar aghaidh linn trasna an iomaire go Binn Mhór agus Binn Ramhar sula ndeachaigh muid leis an fhána chrochta go Mám Éan, mar a mbíonn Turas an Tobair faoin Chargas 7 faoi Dhomhnach Chrom Dubh.
thar an teorainn across the border
" Ghlaoigh a lán acu isteach ar cláracha ar BBC Radio Merseyside - iarmhianadóirí ó bhailte áitiúla mar St Helens, Bold agus Newton le Willows, iardhugairí ó Learpholl agus Bootle agus iaroibrithe cruach ón chruachchearta ag Shotton, thar an teorainn sa Bhreatain Bhig.
ar thrácht na himirce thar teorainn in immigration traffic across the (German) border
" Ach le dhá bhliain anuas ó 2011 i leith, tá forás suntasach ar thrácht na himirce thar teorainn na Gearmáine isteach.
ar feadh an bheatha bhraonaigh across the globe
" Bhí an t-ionsaí tochtmhar ina fhíseán mearscaipthe ar YouTube ar feadh an bheatha bhraonaigh.
ar dhromchlár na cruinne across the globe
" Tarlaíonn eachtraí lámhaigh anseo chomh maith le háiteanna eile ar dhromchlár na cruinne, faraor, ach ní hí an tír seo is measa.
trí mhachairí báite across the flooded (Irish) fields
" Deir Putin gurb é mian a chroí é féin agus Panti a bheith ar muin capaill agus iad beirt droimnocht; eisean ar chúl agus Panti chun tosaigh, ag sodar go bog trí mhachairí báite na hÉireann, agus Putin ag cogarnach go ciúin isteach i gcluaisín *Miss Panti*.
thar thairseach in the front door, across the threshold
" Is é Rí an tÉadach ====== Níor luaithe an bheirt acu thar thairseach an chaisleáin nuair a thosaigh siad ag moladh chuid éadaí a chéile agus thuin chainte a chéile agus sheodra a chéile.
ar fud an domhain go caithréimeach victoriously across the globe
" Scaipfeadh an córas a raibh an lá aige ar fud an domhain go caithréimeach.
trasna na Teorann across the border
" Is sampla maith é den dóigh ar féidir le ceiliúradh cultúir caidreamh pobail a leasú agus a neartú agus is cinnte gur tráthúil gurb é seo an chéad uair a tugadh an fhéile seo trasna na Teorann.
ag brúchtadh amach thar theorainneacha flooding out across the borders
" Níos measa fós, tá siad ag brúchtadh amach thar theorainneacha agus ag bagairt míle murdar sa tSiria, sa Liobáin agus sa Túirc freisin.
Sileadh Vótaí Anonn a leaking of votes across
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.
trasna teorann de réir mar a shnámhfas a intinn across border(s) as one’s mind does
" Snámhann bá an duine le teanga trasna teorann de réir mar a shnámhfas a intinn.
trasna teorainn na Gearmáine across the G. border
" Bíonn airnéis siúlach, mar a thuigeann Diarmuid Johnson go maith tharla gur thaistil sé féin trasna teorainn na Gearmáine le seanuaireadóir a cóiríodh sa bPolainn a bhailiú.
trasna teorainn an dá aicme across the boundary of both groups
" Shiúil Mícheál Ó hAodha trasna teorainn an dá aicme, aos ealaíne agus aos deartha éadaí, le tuiscint a fháil ar an scéal.