Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shealbhú teanga language acquisition
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge Irish Language Acquisition and Preservation Centre
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
obair shealbhaithe acquisition work
" Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá? Tá an obair shealbhaithe Gaeilge ar bun againn anois ar feadh na bliana ar fad - bíonn cúrsaí seachtaine, cúrsaí coicíse agus cúrsaí deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil againn do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, mic léinn ó institiúidí éagsúla ar fud na tíre, daoine fásta as gach cearn den domhan, cigirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, múinteoirí a oileadh thar lear, oibrithe ón bPost, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, éascaitheoirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, etc.
éadálacha acquisitions
" Coinníonn an t-eagras súil ghéar ar ghníomhachtaí gnó fosta le go mbeidh siad in ann stop a chur le, mar shampla, éadálacha nó cumaisc fhrithiomaíocha.
sealbhú teanga language acquisition
" " A hóige ======= Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos.
éadáil acquisition
" “Ní bhíonn éadáil mar seo le fáil ach uair amháin i saol duine.
faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga about language acquisition and learning
" Agus é i mbun na hoibre sin, áfach, thuig sé go raibh go leor le foghlaim aige faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga agus chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach.
fadhbanna sealbhaithe teanga language acquisition problems
" Ní gá go mbeadh céim sa tsíceolaíocht agat lena thuiscint nach mbaineann fadhbanna sealbhaithe teanga ar nós disléicse le teanga amháin thar teanga eile.
bhfáltas acquisition
" Ach bhí eagraíocht amháin a bhí sásta go maith lena bhfáltas – Comhaltas Ceoltóirí Éireann – a fuair €3m sa bhuiséad ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
sealbhaithe of acquisition
" Cuir i gcás Máire Nic Daibhéid as Tír Eoghain (lgh (220, 222) a tógadh ar ghannchuid an Bhéarla agus nár dhearmad go lá a báis an drochléasadh a fuair sí óna hathair ina hóige as fanacht lá ón scoil – láthair sealbhaithe na teanga coimhthí a bhí de dhíth ar chách.
sealúchas teanga language acquisition
" I bhfocail eile, tá beagnach 60% de na daoine a fuair teastas aigneolaí ag cur in iúl go raibh fadhb sealúchas teanga acu, ábalta staidéar a dhéanamh ar theanga eile.
fáil sách éasca ar easy enough acquisition
" Ní hé go bhfuil siopaí gunnaí chomh flúirseach feiceálach ann agus atá sna Stáit Aontaithe, ach tá fáil sách éasca ar arm tine ag duine a dteastaíonn ceann uaidh.
do fhoghlaim teangan for language acquisition
" Ní do bhainne cíche, do bhia ná do theas agus fuacht a bhíonn bunáite inchinn an duine nuabheirthe liog-rianaithe amach roimh ré, ach do fhoghlaim teangan.
sealbhú na Gaeilge Irish language acquisition
" Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a cuid spéiseanna acadúla agus tá taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe.
An leo an éadáil ar fad do they own all the acquisitions
" An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?** Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
bheinn buartha faoin sealbhú teangan I’d worry about language acquisition
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.