Ach is í aiste iontach Dhiarmuid Uí Ghiolláin an rud is luachmhaire sa bhFestschrift seo, gan trácht ar an seoladh isteach pearsanta a dhéanann achoimriú suimiúil ar éachtaí intleachtúla a charad le tríocha bliain anuas.
Ach is féidir guth eile a aithint, guth cáiliúil Breatanach ó ré Victoria a chaith an-chuid ama in Éirinn, guth a rinne achoimriú ealaíonta ar mhothúcháin bhunúsacha Mhic Amhlaigh agus é ag féachaint siar i dtreo a mhuintire:
*“It is home.