Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
líomhaintí accusations
" De réir na fianaise atá anois ann dúradh é seo le rialtas Howard beagnach mí roimh an olltoghchán, díreach tar éis dóibh na líomhaintí a dhéanamh, ach theip orthu é sin a chur in iúl don phobal.
líomaintí accusations
" Bhí cur síos sa tuairisc imscrúdaitheach ar an dóigh ar aistríodh sagart ó pharóiste go paróiste ar feadh tríocha bliain, agus líomaintí faoi mhí-úsáid ghnéasach á leanúint gach áit dá ndeachaigh sé.
líomhaintí accusations
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
líomhaintí accusations
" Deir daoine nár chóir don ardeaspag éirí as a chuid cúraimí mar nach bhfuil an duine a rinne na líomhaintí ainmnithe go poiblí agus mar nach raibh sé sásta an scéal a chur faoi bhráid na bpóilíní.
líomhaintí accusations
" Ainneoin na líomhaintí i gcoinne an Chairdinéil Connell a bheith ar a laghad chomh holc lena bhfuil á chur i leith an Chairdinéil Law i mBostún, ní léir go fóill go mothaíonn an Cairdinéal Connell go bhfuil dualgas air sampla fhear Bhostúin a leanúint agus titim ar a chlaíomh.
cúiseamh accusation
" cúiseamh náireach scannalach is ea é nach bhfuil bun nó barr leis.
líomhain accusation
" Ach, pointe níos tábhachtaí is ea líomhain Rupert go bhfaca sé McKevitt i láthair ag cruinniú de chuid an Fhíor-IRA a eagraíodh sa Ghrianfort i Contae Lú ar an 17 Feabhra 2000.
líomhaintí accusations
" Sa pháipéar liobrálach *The Guardian*, mar shampla, bhí an scéal ar an phríomhleathanach agus bhí dhá leathanach iomlána eile ann, lán le gach sórt líomhaintí a fuair na hiriseoirí Rosie Cowan agus Nick Hopkins ó na fórsaí slándála.
líomhaintí bréagacha false accusations
" Agus cad é is féidir le duine marbh a dhéanamh faoi líomhaintí bréagacha? Is léir gur ceist airgid é seo don *Telegraph*, agus do McLaughlin agus Hall.
líomain atá á séanadh go láidir aige an accusation that he is strongly denying
" Ainmníodh Freddie Scappaticci mar Stakeknife, spiaire de chuid MI5 taobh istigh den IRA, líomain atá á séanadh go láidir aige.
líomhain accusation
" Is toisc gur aithin ceannaire Fhine Gael Enda Kenny an méid seo gur mhol sé féin go ndéanfadh an Criminal Assets Bureau líomhain an Uasail McDowell a fhiosrú agus go ndearna sé é an-soiléir nach raibh an TD Michael Ring ag caint thar cionn a pháirtí nuair a dúirt sé nár chóir do Fhine Gael diúltú amach as amach do chomhrialtas le Sinn Féin.
na líomhaintí the accusations
" Oíche amháin, tháinig a hathair isteach san ospidéal agus bhagair sé go tréan ar a iníon go mbainfeadh sé díoltas amach uirthi mura mbeadh sí sásta na líomhaintí a tharraingt siar agus a béal a choinneáil dúnta ina dhiaidh sin.
líomhaintí tromchúiseacha grave accusations
" Caidé atá le rá agat fá dtaobh de sin? Ian: A dhath ar bith! Balor: A dhath ar bith? Ní thig leat a dhath ar bith a rá faoi líomhaintí tromchúiseacha mar sin? Ní miste duit rud inteacht a rá.
i gcoinne líomhaintí against accusations
" Is aithnid do dhaoine é mar dhuine a chuaigh ar an Late Late Show i mí na Bealtaine 2007 chun Bertie Ahern a chosaint go fíochmhar i gcoinne líomhaintí a bhain le Binse Fiosraithe Mahon.
líomhaintí tromchúiseacha serious accusations
" Ach in ionad imscrúdú a chur ar bun maidir lena líomhaintí tromchúiseacha, bhris an FBI as a post í ag deireadh Mí Márta, 2002.
líomhain charge, accusation
" Tá oiliúint faighte ag Uígir, dar leis an tSín, ó Al Qaeda san Afganastáin agus cé go bhfuil curtha in iúl ag eagraíochta cearta daonna gur beag seans go bhfuil a leithéid fíor, dealraíonn sé gur ghlac na Stáit leis an líomhain mar fhírinne.
líomhain accusation
" Níl sé fíor! Níl ann ach líomhain ghránna agus ráfla.
líomhain accusation
" Bhí, mar dhea, a fhios ag ceannaire Shinn Fein go raibh a dheartháir ag tabhairt drochíde gnéasúil d’Áine, le fada an lá, ó 1987 nuair nach raibh sí ach 14 bliana d’aois 1987 - deir Áine go raibh an drochíde ag dul ar aghaidh ó bhí sí ceithre bliana d’aois - ach ní thiocfaí a shamhlú go rachadh Gerry Adams chuig an RUC leis an líomhain agus an ‘streachailt armtha’ faoi lán seoil.
líomhaintí accusation
" Ag tús na míosa, bhí an chaint uilig ar Peter Robinson, an mairfeadh a thréimhse mar Chéad Aire, mar cheannaire an DUP, mar pholaiteoir i ndiaidh a bhfuair muid amach fána bhean chéile agus faoi na líomhaintí a cuireadh ina éadan féin.
líomhaintí accusations
" Leagan agus Léan Tá mórán líomhaintí curtha i leith thionscal na gcapall folaíochta ar láithreán Animal Aid , agus más fíor dá bhfuil ann, agus níl aon chúis a cheapadh nach fíor a fhormhór, tá ceisteanna go leor le freagairt ag an tionscal.
líomhaintí accusations
" Pé bunús atá, nó nach bhfuil, le líomhaintí dreamanna na heite deise, tá breis is deichniúr ceannairí Emberá dúnmharaithe acu ó 1993 ar aghaidh.
líomhaintí accusations
" SF agus SDLP Agus muid ag teannadh a fhad le holltoghchán Westminster (6ú Bealtaine, is dócha) an ndéanfaidh na líomhaintí seo dochar ar bith d'Adams agus do Shinn Féin? An mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste sásta vóta a thabhairt d'fhear - más fíor do Brendan Hughes - a d'ordaigh bás mhná a raibh 10 bpáiste aici, beag beann ar na líomhaintí ina éadan? Tá an brú ag méadú ar Uachtarán Shinn Fein agus daoine a rá nach ndearna sé go leor nuair a hinseadh dó go raibh a dheartháir, Liam, ag tabhairt drochíde ghnéis ar a iníon.
líomhaintí accusations
" Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall.
Cúiseamh accusation
" Cúiseamh ===== Gan amhras, tá na daoine ar scaoileadh a gcuid rún ar Wikileaks ag iarraidh stop a chur leis seo, agus níl ann sna Meiriceánaigh ach an dream is déanaí.
líomhaintí gan bhunús unfounded accusations
" Soláthraíonn siad deiseanna do Thadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha a léiriú go poiblí agus cuirtear líomhaintí gan bhunús i leith lucht iarrtha tearmainn na mbád go rialta ar a gcláir.
an líomhain the accusation
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
líomhaintí sin those accusations
" Cuireadh na líomhaintí sin i leith an pheileadóra mhíchirt.
an j’accuse cáiliúil the famous accusation
" Mencken in aistí polaitiúla Vidal, ach go háirithe an j’accuse cáiliúil dár chum sé chun cur isteach ar adhradh idirnáisiúnta mhuintir Uí Chinnéide.
Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne the old habit of artistic accusation
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
Foilsíodh gearáin accusations were published
" Foilsíodh gearáin fosta maidir le hairgeadas na tréibhe Attawapiskat a thug le fios go raibh airgead á dhíomailt go ciotach agus go raibh ceannairí an Chéid Náisiúin ag líonadh a bpócaí féin le hairgead a cuireadh ar fáil dóibh.
leis an méar a shíniú i gcoinne in order to point the finger (of accusation)
" Ní hé nach raibh treibheachas ag sní tríd an tír le linn na ngníomhaíochtaí uafáis a thit amach ansin le blianta beaga, ná ó ré King Idris, ach tá sé in am anois ráiteas uafáis de chineál an bhuama sin a dhéanamh leis an méar a shíniú i gcoinne Mhuintir Warfalla.
Mar fhreagra ar an líomhain seo to answer this accusation
" Mar fhreagra ar an líomhain seo, dúirt an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Pat Rabbitte, nach bhfuil sé i gceist go dtógfaí feirm gaoithe in achan pharóiste sa tír.
le líomhaintí sa bhreis a chur to make further accusations
" Tharraing gach dúshlán aird na meán ar scéal Corby arís agus baineadh feidhm as an tsaoirse a sholáthraíonn na meáin shóisialta le líomhaintí sa bhreis a chur i leith daoine eile.