Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
úrscéal tréitheach accomplished novel
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
ildánach versatile, accomplished
" Cén áit a dtosaíonn tú agus tú ag cur agallaimh ar dhuine chomh hildánach le Robert Ballagh? Is duine é atá aitheanta mar ealaíontóir a bhfuil gaol láidir aige lena thír, lena chultúr agus leis an náisiúnachas.
ildánach varied, accomplished
" Is fear é ó chúlra ildánach go leor.
tréitheacha accomplished
" San Árás, d'oibríos le Mícheál Mac Con Iomaire agus Séamas Ó Cualáin, cainteoirí dúchais agus múinteoirí tréitheacha.
an-chumasach very accomplished
" File an-chumasach ab ea é a rugadh sa bhliain 1877, i Ré na dTeampán i Sliabh gCua.
fear saoithiúil, seanchríonna, suadhach; an accomplished, wise, learned man;
" “Fear siosmaideach thú, a Bhaloir; fear seoigh fosta; fear saoithiúil, seanchríonna, suadhach; agus sin an tuige gur roghnaigh mé tusa as measc iriseoirí uile na Gaeilge chun an t-agallamh seo a chur orm.
tréitheach gifted, accomplished
" Imreoir tréitheach a bhí ann agus stíl dá chuid féin aige a mheall lucht mór féachana agus leanúna.
chur i gcrích to accomplish
" Mar a tharla, níor bhain Hamas feidhm as an airgead ar son na sceimhlitheoireachta, ach cuir i gcás go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta le bheith ann, an ndéarfadh rialtas SAM gur chabhraigh a chuid airgid le Hamas é a chur i gcrích?! Beag an baol.
lena chur i gcrích to accomplish it
" D’oibrigh sé mhilliún oifigeach agus lucht slándála air agus baineadh úsáid as milliún go leith inneall aibhléise vótála lena chur i gcrích.
stair ildánach the accomplished history
" Más gá marbhna a scríobh ar stair ildánach an tigh, cuimhneofar ar Sheanadóirí feidhmiúla ar nós an Dr Noel Browne, T.
saothar ildánach accomplished work
" Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.
rud éigint a bhaint amach to accomplish something
" Braitheann tú go gcaitheann tú claí a léimeadh n’a’ haon uair go dteastaíonn uait rud éigint a bhaint amach.
an t-uafás rudaí a bhaint amach in accomplishing a myriad of things
" Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í.
curtha i gcríoch accomplished
" Níl rud ar bith curtha i gcríoch go fóill ach tá cuid fostaithe Cinecittà go mór in amhras faoin bheart seo de réir cosúlachta agus bhí siad ar stailc go dtí le gairid lena n-imní agus a míshasamh a chur in iúl.