Nuair a
ghéill Uachtarán Obama don dream a bhí ag éileamh na hidirghabhála “daonnúla” sa Libia (Féach “Cogadh Fada na mBréag i gCoinne Qaddafi” in eagrán mhí na Samhna 2011), rinne Bill Kristol comhghairdeas leis as “an gcúigiú cogadh um shaoradh Moslamach” – i ndiaidh “saoradh” na Cuáite, na mBalcán, na hAfganastáine agus na hIaráice – a d’éirigh leis féin agus a leathbhádóirí na Stáit Aontaithe a spreagadh chun troda.