Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas
áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh?
An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.