Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Plandáil Uladh The Plantation of Ulster
" D'fhág Plandáil Uladh lorg ar Ghleann Fhinne.
amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith the same as any Ulster person would do
" Thuig muid nach mbeadh muid in ann páistí a thógáil agus ár súile oscailte go hiomlán don saol a bhí thart timpeall orainn agus don chontúirt a bhí thart timpeall orainn, amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith.
oirdheisceart Uladh south-east Ulster
" An taighde atá ar bun aici le cúpla bliain anuas ar "an rud is mó is ansa" léi, na hamhráin as a ceantar féin in oirdheisceart Uladh, a spreag í leis an albam nua seo a thaifeadadh.
UDR Ulster Defence Regiment
" Bhí sé ina bhall den UDR ar feadh cúig bliana, agus bhagair an UVF agus an IRA bás air le linn na dTrioblóidí.
churaí Uladh champions of Ulster
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
Craobh Iomána Uladh The Ulster Hurling Final
" Craobh Iomána Uladh a chur ar siúl oíche Shathairn seachas ar an Domhnach mar a bhí i gcónaí cheana.
curaí Uladh the Ulster champions
" Cén fáth go bhfuil an milleán á chur ag Mac Grifín ar an gcóras? Tar éis an tsaoil, téann curaí Uladh díreach isteach i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
na hUllanaise Ullans, Ulster-Scots
" Míneoidh an doiciméad an polasaí atá ag an Bheeb ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh na hUllanaise de," ar sé.
Oirialla Oriel, a region in southeast Ulster and north Leinster
" Céard go díreach atá ann? Pádraigín Ní Uallacháin: Cur síos é ar thraidisiúin agur ar dhaoine a bhain le ceol i gceantar Oirialla - amhráin, béaloideas, ceol damhsa, bailitheoirí, ceoltóirí, nósanna.
Óméith Omeath, eastern Ulster and County Louth
" Is cuimhin leis comhrá Gaeilge a bheith aige ar an 15 Lúnasa, 1933 le seanmhná in Óméith a bhí ag déanamh Thuras na Croise.
Rúnaí Chomhairle Uladh Secretary of the Ulster Council
" Le cúpla seachtain anuas, tá Danny Murphy, Rúnaí Chomhairle Uladh agus John Prenty, Rúnaí Chúige Chonnacht, beirt tar éis a míshuaimhneas a chur in iúl maidir le hoscailt Pháirc an Chrócaigh.
Ultaise Ulster Scots
" Níl mórán airde ag Bríd ar "theanga" na hUltaise ach oiread.
Cumann Seandálaíochta Uladh the Ulster Archaeological Society
" Ba é Cumann Seandálaíochta Uladh a reáchtáil an turas, agus bhí Billy Dunlop, ball an-díograiseach dícheallach den chumann, mar threoraí againn.
ó Phlandáil Uladh from the Plantation of Ulster
" Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.
in Iarsmalann Uladh in the Ulster Museum
" Bhí leathanaigh den Leabhar Mòr ar taispeáint ar feadh dhá mhí in Iarsmalann Uladh, i ndánlann gheal mhór.
Cumann Seandálaíochta Uladh the Ulster Archaeological Society
" I rith an tsamhraidh, thug Cumann Seandálaíochta Uladh cuairt an-taitneamhach ar Chaisleán Dhún Droma i gContae an Dúin.
Ultais Ulster Scots
" Agus coiste an Erectus ag iarraidh a bheith comhbhách, comh-mheasach, chomh hamaideach agus a thiocfadh leo a bheith, chuir siad na fógraí poiblí in Ultais! Anois, a léitheoirí, an dtuigeann sibh cad é an rud é Ultais? Ní thuigeann? Go maith! Nó ní thuigeann duine ar bith eile.
go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais that Irish influenced Ulster Scots
" Dúradh ar go leor suíomh gréasáin go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais agus spreag sé seo suim sa Ghaeilge ionam.
Stailc Oibrithe Uladh the Ulster Workers' Strike
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
Aontachtaithe Uladh, the Ulster Unionists,
" Sna blianta sin, trí pháirtí a bhí sa rialtas ó thuaidh: Aontachtaithe Uladh, an SDLP agus páirtí an Alliance.
Ultaigh Ulster people
Albainis Uladh. Ulster Scots
" Ní ba mhoille agus é ina bhainisteoir, tháinig cúrsaí oideachais faoi chúram Kieran chomh maith, agus le linn dó a bheith tinn, bhí sé i gceannas ar an Rannóg Idirghníomhaíochta agus Foghlama, áit a raibh sé freagrach as na meáin úra, as cúrsaí oideachais agus as cúrsaí Gaeilge agus Albainis Uladh.
ag spré shoiscéal na hUltaise) spreading the Ulster Scots gospel)
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá in the Ulster-American Folk Park
" Tá na cainteanna á n-eagrú le cuidiú ó Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, agus ó Ionad an Staidéir Imirce atá lonnaithe i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá i gContae Thír Eoghain.
na Albainise Uladh. Ulster-Scots
" Bhí alltacht ar lucht na hUltaise gur baineadh úsáid as Soiscéal le buille a bhualadh ina n-aghaidh, ach is léir go bhfuil na rotha ag titim de *bandwagon* na Albainise Uladh.
aistriúchán Ultaise Ulster-Scots Translation
" Ba iad na clocha ba mhó ar a bpaidrín ná Foclóir Béarla-Ultais/Ultais-Béarla; suirbhé ar "chainteoirí dúchais" ina ndéanfaí téipeanna de na cainteoirí sin a thaifeadadh; aistriúchán Ultaise ar an Bhíobla; stóras leictreonach de litríocht na hAlbainise Uladh; seirbhís aistriúcháin agus córas don chaighdeánú litrithe agus nuathéarmaíochta.
leagan Ultaise Ulster-Scots version
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
cheolfhoireann Uladh Ulster Orchestra
" Le cúpla bliain anuas, tá na Proms á gceiliúradh i mBéal Feirste agus, a bhuíochas don BBC, bíonn idir cheolfhoireann Uladh, cheoltóirí "n-oileáin seo" agus chraobhscaoileadh an *finale*, "Land of Hope and Glory" agus "Rule Britannia", le feiceáil ar scáileán ollmhór.
Rúraíochta of (the) Ulster Cycle
" Measadh fear na Rúraíochta, Lugh Lámhfhada (agus Llew Llawgyffes na Breatnaise faoina leagan thoir) le dia na gealaí, éarlamh nimhe do Chú Chulainn.
Sean-Uladh old Ulster
" Is mór an t-ísliú céime é ó chlann mhór Sean-Uladh go mac cime! (http://www.
Ullanais Ulster Scots
" Gaeilge na hAlban agus an Ullanais ========= “Bhí cúpla rud eile ann a chuir iontas orm: chuir siad suim sa Ghaeilge mar theanga bheo, agus ní raibh suim dá laghad acu sa stair, nó i nGàidhlig na hAlban, nó i gcuid mhór de na rudaí a raibh mé féin ag cur béime orthu san obair thrasphobail s’againne.
Iarsmalann Uladh Ulster Museum
" Tá pictiúr conspóideach, a bhí faoi chosc ag Iarsmalann Uladh nuair a rinneadh é breis is 30 bliain ó shin, ar ais i mBéal Feirste arís agus tá sé le feiceáil i nDánlann Golden Thread.
Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh Ulster Solemn League and Covenant
" Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt.
Fuil Uladh mar Íobairt the blood of Ulster people as a sacrifice
" Fuil Uladh mar Íobairt ========== Chum an file Rudyard Kipling - yep, an fear céanna is a scríobh Jungle Book, dán darbh ainm Ulster 1912 inar scríobh sé: *Before an Empire's eyes The traitor claims his price.
cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh the hundred year anniversary of the Ulster Covenant
" Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
Ghlac an tUltach go fonnmhar the Ulster man was happy to accept
" Ghlac an tUltach go fonnmhar leis an iarratas.
Mórchuid d’oidhreacht mhuintir Uladh a major part of the Ulster peoples’ heritage
" Mórchuid d’oidhreacht mhuintir Uladh é an meirge sin.
faoi chinniúint na nUltach about the fate of the Ulster warriors
" Níl a fhios agam an mbeidh orm turas na Síne a dhéanamh ag cantaireacht sa tSean-Ghaeilge faoi Dheirdre agus faoi chinniúint na nUltach.
in Ultaibh in Ulster
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.
luaite i dTáin Bó Cuailgne mentioned in the Ulster Cycle
" Leag Siad Cloch ar a gCarn Féin ========== Tá Carn Tóchair luaite i dTáin Bó Cuailgne, fírice a thugann léargas duit ar a luaithe is atá na ‘*dreary steeples*’.
mura bhfuil foireann Ultach ag imirt if an Ulster team isn't playing
" Ní chraolann BBC NI cluichí ceannais na hÉireann mura bhfuil foireann Ultach ag imirt agus tá mé cinnte go mbeadh cur agus cúiteamh ar siúl i dTeach Craolacháin i mBéal Feirste i gceist dá mbeadh Muineacháin, An Cabhán nó Tír Chonall ag dul fá choinne Sam (dá éadóiche é an chéad bheirt!).
Téimis go hiarthar Uladh let’s go to west Ulster
" *' Duais Mharthanach ========= Téimis go hiarthar Uladh anois tuairim agus dhá scór bliain dár gcionn.
Cumann Seandálaíochta Uladh the Ulster Archaeological Society
" Ta Liz Curtis an-tógtha leis na himeachtaí a eagraíonn Cumann Seandálaíochta Uladh, go háirithe na turais.
Ultais Ulster Scots
" Chuir sé an-olc ar Bhalor go raibh tús áite tugtha don Ultais ag Oireachtas na Samhna i nDoire.
ag déanamh taighde ar an Ultais doing research on Ulster Scots
" Nuair a bhí Richard Archibald ag éirí aníos i mBaile Monaidh, Contae Aontroma ní raibh eolas ar bith aige ar an Ghaeilge, ach thosaigh sé a fhoghlaim fúithi agus é ag déanamh taighde ar an Ultais agus anois tá sé an-tógtha leis an teanga.
muintir Oirialla the people of south east Ulster
"muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.