Bhí tréimhsí caite agam sa Rúis agus, mar sin, bhí a fhios agam go raibh suim i dteanga, i gcultúr agus i gceol na hÉireann ag na Slavaigh (tá Roinn an-bheag i Státollscoil Mhoscó ina múintear rud beag Gaeilge agus Briotáinise) ach ba é seo an chéad uair domsa a chloisteáil go raibh Roinn ollscoile in Oirthear na hEorpa a bhí ag plé leis an nGaeilge ar bhonn lándáiríre.
Mar shampla, níl focal Béarla (ná aon teanga eile) le cloisint ach Seicis amháin ar na fógraí taistil ar an *metro*, ar an mbus agus ar an *tramvaj*, agus muna bhfuil taithí agat ar theanga Shlavach, tógann sé tamall teacht isteach ar léamh agus ar chóras foghraíochta na Seicise.
I ndiaidh na réabhlóide síochánta sa bhliain 1989 (*sametová revoluce *nó an réabhlóid veilbhite), thosaigh daoine ag machnamh ar a bhfréamhacha, fréamhacha a d'imigh siar i bhfad roimh theacht na nGearmánach agus na Slavach, is é sin le rá, go dtí na Ceiltigh féin.