Pota Focal Intergaelic
ruby | buggy | grubby | rub | rug
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
don séasúr nua rugbaí for the new rugby season
" Tá muid ag traenáil na n-imreoirí ar fad, i gcomhar na meán, don séasúr nua rugbaí.
cluichí rugbaí/gallda rugby/foreign games
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
iarimreoir rugbaí former rugby player
" Thug iarimreoir rugbaí de chuid na hÉireann, Conor O’Shea, caint d’fhoireann Shasana i rith na seachtaine roimh an gcluiche faoi thábhacht CLG agus Pháirc an Chrócaigh i saol agus i stair na tíre seo.
Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí rugby matches are very popular
" Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?).
mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí as a professional rugby team
" Cén fáth a bhfaigheadh imreoir airgead ach nach bhfaigheadh réiteoir airgead? Chomh maith leis sin, le bheith réalaíoch, cé as a dtiocfadh an t-airgead? Bhí caint tamall ó shin go bhfaighfí réidh le Connachta mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí agus níl ach ceithre fhoireann sa tír sa spórt sin.
le linn Chorn Domhanda an Rugbaí during the Rugby World Cup
" B'ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin.
mo shaol rugbaí an my rugby life
" Ar chaoi ar bith, thosaigh mo shaol rugbaí an chéad Luan eile.
Corn Rugbaí an Domhain. The Rugby World Cup
" Bhí an lucht leanúna agus na saineolaithe ar aon intinn agus iad araon ag tuar go raibh seans maith ann go mbuafadh foireann na hÉireann Corn Rugbaí an Domhain.
i bhfeighil na foirne rugbaí in charge of the rugby team
" Chaith sé sé bliana go leith i bhfeighil na foirne rugbaí agus d’éirigh go maith leis, go pointe áirithe.
t-ubhchruth rugby ball
" Rud deacair ab ea é sin go minic, go háirithe i gcomhthéacs an rugbaí, agus cé nár éirigh le McLaren rúndiamhaire na clibirte a léirmhíniú do mhórán daoine, ba thaitneamhach a bheith ag éisteacht lena ghlór breá agus é ag déanamh cur síos ar a raibh ag tarlú timpeall na páirce agus ar na himreoirí a bhí ar a míle dícheall an t-ubhchruth a aimsiú agus a shaoradh as duibheagáin na clibirte céanna.
foireann rugair rugby team
" Go deimhin, níl an Seanad éagosúil le foireann rugair na hÉireann mar gur doiligh i bhfad é áit a ghnóthú ar an fhoireann ná a chailliúint! Bhí aidhm luachmhar ag an tSeanad nuair a bunaíodh é faoi Bhunreacht Shaorstáit Éireann mar gur thug sé guth do dhreamanna mionlaigh.
Níor ghlac údaráis an rugbaí seasamh cuí i leith the rugby authorities didn’t take a proper stand in regards to
" Níor ghlac údaráis an rugbaí seasamh cuí i leith sábháilteacht imreoirí, dar le cuid mhaith tráchtairí.
cumainn sacair agus rugair of soccer and rugby clubs
" Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.