Cúpla lá sular labhair mé leis, fuair sé litir ó fhile agus foilsitheoir sa tSlóivéin a bhfuil spéis aige cuid dá shaothar a aistriú go Slóivínis agus tá sé tar éis a bheith ag plé le Rómánach agus le hOstarach a bhfuil Gaeilge acu atá ag aistriú cuid dá dhánta isteach ina dteangacha dúchais féin.
stiúrthóir clúiteach Rómánachfamous Romanian director
Chonaiceas scannán leis an stiúrthóir clúiteach Rómánach Cristian Mungiu ar na mallaibh, scannán bunaithe ar fhíoreachtra a thit amach i séipéal iargúlta sa Mholdáiv, sa Rómáin, sa bhliain 2005, áit a bhfuair bean óg bás agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol, nó sin a deirtear ar aon chuma.