Dar ndóigh, tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil Seosamh Mac Muirí gaolta leis an Slua Muirí – an scaifte sin a thug cead a gcinn do na hallúraigh allta alltaracha maoin mhara mhuintir na hÉireann a chur ar neamhní; agus tá an
Muiríoch seo (i gcead do mhuintir álainn aoibhinn Iarthar Chiarraí) ag scriosadh scríbhinní scríbhneoirí Beo Ar Éigean ar an dóigh chéanna.