Tar éis na laethanta saoire poiblí ar fad a bhí againn sa Fhrainc le roinnt seachtainí anuas, ceithre cinn ar fad - Lá Bealtaine (la fête du travail), 8 Bealtaine (Victoire de 1945), 21 Bealtaine (Déardaoin Deascabhála) agus an chéad lá de Mheitheamh (Luan Cincíse) - is cúis iontais dom é, ar bhealach, nach mbíonn an 18 Meitheamh saor chomh maith.
Má bhíonn agóid mhór ar bun sa phríomhchathair le cearta teanga a éileamh ar an Satharn, mar shampla, ní gá a rá nach mbeadh sé sásúil tuairisc a phostáil an Luan dár gcionn nó fá cheann seachtaine.