Pota Focal Intergaelic
dew | few | hew | jaw | jet
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Giúdaigh the Jews
" Ansin pléadh inimircigh a tháinig níos moille, mar na Giúdaigh - bhí pobal rathúil acu ag tús an 20ú haois, ach níl ach 200 duine ann anois.
Giúdaigh Jews
" "Tá Giúdaigh, Arabaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh ina gcónaí sa tsráid seo," arsa Gerry McCullough a d'fhág a theach cónaithe féin i dtuaisceart Bhéal Feirste i ndiaidh 20 ionsaí taobh istigh de 18 mí.
Ghiúdaigh Jews
" Deirtear go bhfuil níos mó ná 30 grúpa san iarthar amháin, idir threibheanna de dhúchasaigh, Ghiúdaigh, Sheapánaigh, Rúisigh, agus dhaoine a shíolraigh ó na sclábhaithe Afracacha; gach dream acu lena gcuid nósanna agus cultúr féin.
Giúdaigh Jews
" Bhí ilghnéitheacht chiníoch i gceist sa chomharsanacht ag an am sin, agus bhí daoine dubha chomh maith le Giúdaigh ansin.
na Giúdaigh the Jews
" Cuireadh na Giúdaigh faoi Dhlíthe Nuremberg, ansin ó 1941 seoladh go dtí baile geiteo darbh ainm Terezín iad, ansin ó Terezín go dtí na campaí díothaithe.
Chomhairle Lárnach na nGiúdach the Central Council of Jews
" I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur "ábhar feirge an-mhór" a bhí sa bhailiúchán "dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.
Giúdaigh Jews
" Nuair a smaoiním ar na huaireanta fada a chaith mé ag lorg fíricí a bhí riachtanach chun mo phost a dhéanamh i gceart - An bhfuil coilíneacht lobhar taobh amuigh de New Orleans, i ndáiríre? Cén stát sna Stáit Aontaithe a bhfuil an ráta is airde póstaí idir col ceathracha ann? Cén difear atá idir Giúdaigh *Hasidic *agus cineálacha eile Giúdach? - deirim liom féin gur mór an trua nach raibh Wikipedia ((www.
Giúdaigh Jews
" Chuimhnigh mé ar an eachtra seo nuair a chuala mé focail Mháire Mhic Ghiolla Íosa, ag cur an dearcaidh a bhí ag Protastúnaigh i leith na gCaitliceach i gcomparáid le dearcadh na Naitsithe ar na Giúdaigh (agus samplaí eile den chiníochas).
Ghiúdaigh Jews
" "Ach thugadh siad fuath díchéillí ar Ghiúdaigh dá bpáistí ar an gcaoi chéanna is a thugadh daoine i dTuaisceart Éireann fuath díchéillí dá bpáistí, mar shampla, ar Chaitlicigh, ar an gcaoi chéanna is a thugadh daoine fuath náireach agus díchéillí dá bpáistí orthu siúd a raibh dath difriúil orthu agus na rudaí sin ar fad," a dúirt sí.
Giúdaigh Jews
" Réimse suíomh ======= Tá líon ollmhór suíomh déanta coinní ar an idirlíon, ag freastal ar gach cineál custaiméara, ina measc suímh d’fheoilséantóirí, úinéirí peataí, Poblachtánaigh, Daonlathaigh, céimithe de chuid an Ivy League, milliúnaithe, Giúdaigh, Críostaithe, Moslamaigh, daoine arda, daoine méithe, agus daoine atá buailte ag an abhcacht.
Giúdaigh Jews
" Cé gur mná Gael-Mheiriceánacha ab ea céatadán ard de na múinteoirí i scoileanna Nua-Eabhrac roimhe seo, in aigne dhaltaí an lae inniu is Giúdaigh iad na múinteoirí geala ar fad, ach amháin má deir siad a mhalairt.
leath na nGiúdach sin, half of those Jews,
" B’as Lublin do bhreis is leath na nGiúdach sin, ní nach ionadh agus Lublin ina ionad Giúdach chomh tábhachtach sin roimh an gcogadh.
na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa the Jews who were murdered in the camp
" I mbeairic eile tá cás miotail ina bhfuil na mílte bróg ar leis na Giúdaigh a dúnmharaíodh sa champa iad.
a thug dídean do Ghiúdaigh who gave refuge to Jews
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
Giúdach Jews
" Tá thart ar 650 Giúdach ina gcónaí i nGiobráltar agus is leosan formhór na siopaí ansin.
beirt Ghiúdach two Jews
" ”* Ní raibh ach beirt Ghiúdach ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar.
na Giúdaigh. the Jews
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
Giúdach Jew
" Ní raibh an t-ainm Bob Dylan glactha aige go fóill – Robert Zimmerman a bhí air, Giúdach óg ó Minnesota a raibh giotár, guth úr agus eag-amhráin aige.
idir Ghiúdach agus Ghintlí both Jew and Gentile
" Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
nGiúdach Jew(s)
" ” Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach má ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige? Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teideal ‘Ar mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael.
Ghiúdaigh na Polainne the Polish Jews
" Nuair a bhí sé 11 bliain d'aois, bhog an teaghlach go léir go dtí an Fhrainc, mar is maith a d'airigh siad an chontúirt a bhí ann do Ghiúdaigh na Polainne tar éis urghabháil chumhachta na Naitsithe sa Ghearmáin.
na sean-Ghiúdaigh a cuireadh fé ghéibheann the old Jews who were interned
" Déanann fear amháin comparáid idir muintir na Gaeilge agus na sean-Ghiúdaigh a cuireadh fé ghéibheann ag Pharaoh.
Séanann Giúdaigh gur mana dá gcuid a bhí ann Jews deny that it was a motto of theirs
" Séanann Giúdaigh gur mana dá gcuid a bhí ann ar baineadh úsáid as 50 bliain roimh bhunú na gluaiseachta Síónaigh ach i 1901, dúirt an scríbhneoir Giúdach Israel Zangwill: "*Palestine has but a small population of Arabs and fellahin and wandering, lawless, blackmailing Bedouin tribes*.
lámhach na nGiúdach shooting of the Jews
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
fuil agus mothúcháin daonna an Ghiúdaigh blood and the human feeling of Jew(s)
" Do thaispeáin Jerzy Gralek (Shylock) fuil agus mothúcháin daonna an Ghiúdaigh dúinn os comhair na habhann in aice le hOspidéal na Trócaire.
a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn which bring to light for us the story of Jews
" Cé gur bhain rún an Fhrancaigh le ré ársa, is féidir linn na tréithe chéanna a aithint i saothar an stairí Bhriotanaigh Simon Schama, ach go háirithe ina chláracha teilifíse nua a chuireann scéal na nGiúdach fé chaibidil dúinn ar an mBBC, *The Story of the Jews*.
oilithreacht na nGiúdach the Jews exile
" Más ea, ba dheacair an rud é scéal níos leanúnaí ná oilithreacht na nGiúdach ó ré Pharaoh go dtí ré an tSoilsithe a dh’fháilt.
crógacht na nGiúdach the courage of the Jews
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
ar riocht na nGiúdach on the state of the Jews
" Mionscagadh fíorphearsanta ar riocht na nGiúdach is ea é.
bhfillfeadh na Giúdaigh the Jews would return
" Thuar Cheiro go bhfillfeadh na Giúdaigh ar an bPalaistín agus go mbeadh Iosrael mar ainm ar na críocha céanna feasta.
gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh shoulder to shoulder with the Jews
" Thosaigh an lucht féachana – cúpla céad duine - ag siúl ina gcuideachta, muidinne Caitlicigh, Protastúnaigh ag mórshiúl gualainn ar ghualainn leis na Giúdaigh .
Ní Giúdaigh a bhí ionainn we weren’t Jews
" Ní Giúdaigh a bhí ionainn ach lucht na gCeart Sibhialta.
sáinníodh na Giúdaigh in Iamhchrích Warzawa the Jews were corralled into the Warsaw Ghetto
" Cuimhnímis nuair a sáinníodh na Giúdaigh in Iamhchrích Warzawa, ní raibh de chosaint acu ach na tolláin a thógadar.
phobal Giúdach Jews
" Imeallú SAM agus tubaiste don phobal Giúdach atá ag titim amach mar gheall ar an ‘obliterating the hopes of another people’ atá ar siúl sa Mheán-Oirthear le dhá ghlúin anuas.