Mar atá cúrsaí, caithfidh an gnáthshaoránach íoc as a chostaisí sláinte féin, agus is minic a dhiúltaíonn na comhlachtaí árachais don iarratasóir mar gheall ar dhrochshláinte a bheith air cheana féin.
Bhí maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann agus Mheiriceá cruinnithe le chéile arís ina sluaite líonmhara sa pháirc ollmhór chun an tríochadú Irish Fest a cheiliúradh.