Cé a dúirt go raibh saol banríona furasta?
Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí ceiliúrtha, bhí
Comhdháil na hEocairiste ann i mBaile Átha Cliath i lár na míosa, agus bhí na mílte ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh fána choinne – cuid mhór de na daoine cinnte gur léirsiú a bhí ann, eagraithe ag Caitlicigh Chumann Lúthchleas Gael, in éadan na gcluichí Gallda a bhí dá n-imirt sa Pholainn agus san Úcráin.