Bhí gluaiseacht na gceart sibhialta i mbarr a réime sna Stáit Aontaithe ag deireadh na seascaidí agus tosaíodh ag éileamh ceart teanga don phobal Easpáinneach agus bhí tionchar mór ag an fheachtas i gcoinne an chogaidh i Vietnam ar chúrsaí chomh maith.
**SÓC:Conas ar tháinig Ionad an Léinn Cheiltigh i Milwaukee ar an fhód?**
JG: Bhí an Ollscoil san am sin ag tosnú lárionad do chultúir eile; Léann na nGiúdach, Léann Aerach, an Léann Easpáinneach.