Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in
uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó
an tSín.