Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruachroíoch hard-hearted
" Impíodh ar an rialtas na hionaid choinneála a dhúnadh ar mhaithe le cearta daonna ach níor bhog siad óna seasamh cruachroíoch.
mhórchroíoch large-hearted, generous
" " Is bean mhodhúil, mhórchroíoch í Gearóidín Bhreathnach atá sásta a cuid ama agus a cuid eolais a roinnt go fial le gach duine agus a bhfuil obair luachmhar ar bun aici leis na blianta anois.
mórchroíoch large-hearted, generous
" Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - tá saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.
mhórchroíoch big-hearted, generous
" Cuireann tú aithne ar bhunadh na háite agus tugann tú faoi deara nach n-amharcann siad ort mar thurasóir - cuireann siad fáilte mhórchroíoch romhat.
éadromchroíoch light-hearted
" Ach tá atmaisféar sona, éadromchroíoch sa tír.
éadromchroíoch light-hearted
" Ach tá atmaisféar sona, éadromchroíoch sa tír.
éadromchroíoch light-hearted
" Tá glór na bhfilí nua-aimseartha le cloisteáil fosta, leithéidí Pearse Huthinson, a chum an dán éadromchroíoch “Nár Mhéanar É”, agus Áine Ní Ghlinn, údar an tsaothair dhobrónaigh “Cuair”.
a réinfhianna boigéiseacha his soft-hearted reindeers
" “Tá an dearg-ghráin agam ar an liobar sin agus ar a réinfhianna boigéiseacha.
chadránta hard-hearted
" Breast RTÉ agus na scannáin chéanna arís agus arís eile Lá Nollag! Breast na pubanna a bhíonn druidte ar an lá is mó fonn óil sa bhliain!” Is beag gairdeas Nollag ná croí na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach.
croíbhriste, broken-hearted,
" An rud seo faoi go mbeadh do mháthair agus d’athair croíbhriste, níor tharla sé sin domsa ar chor ar bith.
mórchroíoch big-hearted
" Ba dhuinemórchroíoch é a raibh bá dhoimhin dháiríre aige le daoine nach raibhgo maith as.
ócáid shona mheidhreach a happy and light-hearted event
" Ansin, ag tús mhí Mheán Fómhair, bíonn Mela Dhún Éideann ar siúl, ócáid shona mheidhreach a cheiliúrann cultúr na hIndia agus áiteanna eile thar sáile.
croíbhriste broken-hearted
" Tá carachtar Hansard croíbhriste mar gheall ar go bhfuil a chailín imithe chun na Breataine i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile.
mórchroíoch big-hearted
" Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
lách amiable, good-hearted
" Is duine séimh, cneasta agus lách é.
neart ábhair éadóchais plenty of reason to be faint hearted
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
tromchroíoch heavy hearted
" Tosaíonn an pléisiúr i mo chuid ladhracha agus cuireann sé an sú ag sciurdadh fríd mo chuid féitheacha; cuireann sé dinglis ar mo chraiceann agus crith i mo chorp; cuireann sé lasair i mo shúile agus casacht i mo chliabhrach; osclaíonn sé na píobáin agus cuireann sé mé ar crith; ach is fearr crith maith ná droch-chasacht, a Bhaloir,” a dúirt an Taoiseach tromchaiteach, tromaigeantach, trombhríoch, tromchroíoch.
dea-chroíoch kind hearted
" Agus is dócha go raibh uirthi míniú dóibh gur duine dea-chroíoch a bhí san fhear a thagadh isteach go minic – cé gur cosúil gur thuig siad go raibh foréigean de chineál éigin i gceist.
ise croíbhriste she broken hearted
" Níos déanaí isteach sa scéal, nuair nach bhfuil a fhios fós ag Oskar gur vaimpír í - ‘*If I wasn’t a girl would you still like me anyway?*’ Agus iad beirt ina luí ar leaba le chéile, ise croíbhriste tar éis di fear a mharú d’fhonn go mairfeadh sí féin, eisean i ndólás na maistíneachta is déanaí a imríodh ar scoil air – ‘*’I’m not a girl.
fuarchroíocha cold-hearted
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh na Moslamaigh fuarchroíocha ag ceiliúradh gníomh sceimhlitheoireachta eile.
chroí réabtha broken hearted
" Dúirt an fealsamh Kierkegaard agus é ag machnamh ar an ábhar seo gurb é is file ann: > Duine míshona, a bhfuil a chroí réabtha ag buairt cheilte, ach a bhfuil a bhéal múnlaithe ar bhealach chomh speisialta sin, nuair a thagann osnaí agus olagóin amach as, go mbíonn binneas ceoil ag baint leo.
bogchroíoch soft-hearted
" Léiríonn scéal na dtáillí tís fosta go bhfuil muintir na hÉireann bogchroíoch i dtaobh na réadmhaoine agus na tithíochta.
lucht an lagmhisnigh the weak-hearted
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
fuarchúiseach cold hearted
" De réir dealraimh, duine rúndiamhrach, uaibhreach, fuarchúiseach fiú amháin, ba ea Foucault ina shaol féin.
croíbhríste broken hearted
" D’fhág antoisceachas na heite deise deichniúr marbh, ar a laghad, agus na scórtha croíbhríste i ré uafáis sa Ghearmáin le blianta beaga anuas.
aitheasc croíléiseach a light-hearted speech
" D’fhreagair sé go raibh ardú mheán an sainuimhir intleachta ag tarlú sa dá thír dá bharr! Lá ’le Pádraig i gCathair Séanna ================= Thug Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, aitheasc croíléiseach ag dinnéar ollmhór a reáchtáladh in Sydney le Lá ’le Pádraig a cheiliúradh i mbliana.
chomh croíbhriste sin so broken hearted
" "Bhí m'athair mór chomh croíbhriste sin i ndiaidh mo mháthair mhór Julia, bás a fháil, é i gcónaí ag iarraidh glacadh leis go raibh sí imithe go deo na deor.
bhí croí mór aige he was soft hearted
" Ba dhuine gairbhéiseach ciotrúnta é agus bhí clú air mar ghargaire i gcúrsaí gnó, ach bhí croí mór aige.
iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh the emotional, soft hearted journalist
" Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.