"Tá muid ag cuartú an húirín sin Coimín mallaithe," a mhínigh siad do thuairisceoir *Beo Ar Éigean*, "Agus nuair a thiocfaidh muid air beidh sé ag ceol go cuachach go deireadh a ré.
“Tusa agus do sissy prissy River Dance! Cad é a bheadh a fhios agatsa faoi fhíordhamhsa, a húirín gan rath?” Ní miste a rá go raibh Balor thar a bheith sásta léi, ní hamháin le caighdeán a cuid Gaeilge, ach gur aontaigh sé go hiomlán lena raibh le rá aici fosta.