Glacaim buíochas ó chroí leis na daoine a chuidigh linn ó thosach ama, go háirithe na heagarthóirí, na colúnaithe agus na scríbhneoirí (fiú an deamhan úd, Balor na Súile Nimhe, nár chaill eagrán ar bith den chéad seasca agus sé cinn acu a foilsíodh); leis na dearthóirí, Michal agus Rónán Ó Dochartaigh; an fhoireann oibre anseo i nGleann Cholm Cille (Siobhán agus Gearóidín) agus libhse, ach go háirithe, ár gcuid léitheoirí.