Ach ó thaobh Joyce de, feictear na cleasanna céanna i bprós Wallace is a fheictear in oeuvre an Éireannaigh: an bhéim chéanna ar an leadránacht nó “*paralysis*”,
an íogaireacht chéanna dos na riachtanaisí fisiciúla daonna is bunúsaí, an diúltú céanna don íoróin agus don searbhas, mar aon le rialacha stairiúla liteartha a rinne iarracht guth an scríbhneora a chur fé smacht.