Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
Ansin lá amháin faigheann tú litir aturnae ag rá leat go bhfuil léas na talún ar a bhfuil an teach tógtha ídithe agus go gcaithfidh tú €54,000, mar aon le costaisí dlíodóra €127 san uair, a íoc más mian leat fanacht i do theach.
Dúradh, go réasúnta, gur cheart mbeadh béim i bhfad níos mó ar an ídiú fuinnimh a laghdú, seachas a bheith ag lorg slite nua chun fuinneamh a tháirgeadh.
Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.
Tá sibhialtaigh ann atá ag caitheamh i ndiaidh laethanta na mbairéad gorm nuair nach mbíodh airgead mór á ídiú ar an arm nó nuair a bhíodh an t-arm féin ar fáil chun tinte foraoise a mhúchadh sa samhradh agus an sneachta geimhridh a ghlanadh ó shráideanna Toronto.
Ach conas is féidir dul i ngleic leis an *brain drain* seo agus leis an ídiú acmhainne ó na Gaeltachtaí beaga? B’fhéidir go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí teangabhunaithe córas idirdhealú dearfach a chur i bhfeidhm.
Nuair a tháinig sí a fhad leis an teach s’againn, bhí an torann cosúil le hinneall eitleáin go díreach os cionn an tí, agus bhí sé deacair anáil a tharraingt ar feadh tamaill de dheasca ídiú ocsaigin an aeir.
Mhínigh sé fosta nach bhfuil riachtanas ar eagras stáit staisnéireacht úr dátheangach a ordú agus an seancheann a chur sa bhosca brúscair go dtí go mbíonn a stoc reatha ídithe.
Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe.
D’fhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.