spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál
blisters developing on my heels
Níl mé ag dul a bheith fágtha mar a bhí mé ag do bhainis-se agus
spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál chomh luath is a chuir mé cos le talamh," arsa an mháthair mhór.
Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala
Nuala was getting mad
Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala ach dheamhan ar mhiste le hAisling - bhí a sáith aici de bheadaíocht Nuala.
ag éirí ar eitleog
taking flight
Tá pictiúirí i bhfrámaí de ghaolta agus chairde ar na ballaí, mar aon le píosa ealaíne a léiríonn, go híorónta, éin agus iad
ag éirí ar eitleog.
chinn sí ar éirí as an obair sin
she decide to give up that work
”
Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh,
chinn sí ar éirí as an obair sin.
ar éirigh thar barr leis
which was very successful
Gan mhoill ina dhiaidh sin, ceapadh é ina eagarthóir ar chlár nua nuachta, “Morning Ireland”, clár
ar éirigh thar barr leis ón tús.
ar choinníoll go n-éireoidís as
on condition that they'd give up (farming)
Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh
ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile.
éireoidh le rud ar bith i nGaeilge
anything in Irish will succeed
“Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, *duh*!’
“Sin é mo thaithí thar na blianta:
éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla.
ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí
we won't manage to persuade two parents
“Is cuma cad é a dhéanfaimid
ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga (dhúchasach) a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga,
that no revolution would manage to support twenty languages,
Is cinnte
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt.
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA
trying to convince the members of the IRA
An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
éiríonn siad as an spórt ar fad
they give up sport entirely
I gcás daoine ar ioncam íseal, áfach,
éiríonn siad as an spórt ar fad de ghnáth.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine,
so they would be able to look out over sunrise,
Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu
the pretence that each of them is doing well is chased away
Gloine ar ghloine,
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
ar éirigh leo éalú
who managed to escape
Léann sé os ard an líon daoine a fuair bás ansin, an líon daoine
ar éirigh leo éalú agus an líon daoine a fuasclaíodh.
ní éirím ar maidin
I don't get up in the morning
Má tá *spin-off* do phobal na háite anso, go iontach! Ach
ní éirím ar maidin ag rá liom féin ‘caithfidh mé a chinntiú go bhfuil méid áirithe daoine ag labhairt Gaoluinne sa Rinn inniu!' Ní gnó í an Ghaoluinn.
ar tí éirí as
about to give up
Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua!
Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas
ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh
who succeeded in making headway
Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó –
ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.
cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh
how did they manage to carry on
”An dóigh leis, mar sin, go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil do lucht na drámaíochta sa tír seo maith go leor? Agus
cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh sula bhfuair siad an maoiniú leanúnach ón gComhairle Ealaíon?
“Fuair muid an-chuid tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad
that he will manage to come through this whole predicament
D’fhéadfadh sé tarlú
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
he has no intention of retiring from music
”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
ar éirigh leis
which succeeded
Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip
ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
ar an éirí in airde
becoming uppity
Féach an rud a tharlaíonn nuair a thosaíonn Marys
ar an éirí in airde.
ar éirigh leis
which succeeded
Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip
ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
ar éirigh leis cáil a bhaint amach
who succeeded in making a name for himself
Ina measc siúd bhí James Dixon
ar éirigh leis cáil a bhaint amach mar phéintéir sna seascaidí.
ar éirigh leo
who succeeded
Ba é ba mhó ba chúis le líon beag na n-iarratasóirí
ar éirigh leo faoin gcéad dá scéim ná na coinníollacha cáilitheachta agus a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh.
ní fiú éirí ar maidin
it’s not worth getting up in the morning
**
CAB: Muna labhrann tú amach ar son an chúis go gcuireann tú suim ann,
ní fiú éirí ar maidin.
ag éirí tanaí ar an talamh
on the ground becoming thinner
Ach an bhfuil sibh ag meilt bhur gcuid ama anseo i measc na nGall, ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn?**
DMD: Bhuel is fíor go bhfuil muintir na Gaeilge
ag éirí tanaí ar an talamh, ach má shíleann daoine go bhfuil an Ghaeilge chun an taibhse a thabhairt suas i mBaile Átha Cliath, bhuel tá siad ag tafann suas an crann mícheart.
ar éirigh go glé geal le duine amháin acu
one of those succeeded brilliantly
Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh
ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.
d’éirigh leo teacht ar
they succeeded in finding
Craoltar an clár san Úcráin chomh maith agus
d’éirigh leo teacht ar Mokryna a bhí ina baintreach chomh maith agus í ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta i dtimpeallacht Dnipropetrovsk i lár na tíre.
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith
in order that no demo would succeed
Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin,
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar
if the government doesn’t convince
Agus Corn an Domhain 2014?
=============
Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht
I said after a while as I rose up to leave
“B’fhéidir go bhfeicfidh mé anseo arís thú,”
a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht.
Cén chaoi ar éirigh libh
how did you get on
**Colm:
Cén chaoi ar éirigh libh?**
Aodán: “Chuidigh sé linn gur éirigh go maith leis na peileadóirí in 2012 – bhuadar an tsraith agus Corn Uí Bhroin.
ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse
the service’s workers succeeded
Léiríonn sé seo an neamhfheidhmiúlacht a tháinig ar an chóras le linn an tíogair, ach léiríonn sé freisin an dóigh
ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse, idir bhainisteoirí agus ghnáthoibrithe, a gcuid cleachtas a athrú.
ar éirigh leis
who succeeded
Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear
ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í.
ar éirigh leo
which succeeded
Bhí Gael Linn díreach tosaithe ar shraith nua scéimeanna, oidhreacht Shlógadh más maith leat – na míreanna ab fhearr
ar éirigh leo ag Slógadh.
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin,
the opposition is not managing to take advantage of those difficulties,
Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.