D’inis sí óna chroi amach, agus an cur síos ar na hamhráin gur thug sé an amhránaíocht ar leibhéil eile dom féin go raibh an cnuasach seo aici agus ní raibh ceann ar bith acu ná raibh sí in ann cuntas a thabhairt faoi ghné éigint dhe, faoin tábhacht a bhain leis - agus gur thug sé sin breis tuisceana dom uirthi agus go raibh mé in ann dul níos faide leis.
bhí fonn orm céim éigint a bhaint amachI wanted to get some degree
Buadh orainn sa chluiche ceannais nuair a bhíos sa cheathrú bliain agus cúpla lá ina dhiaidh san bhíos imithe ón ollscoil!
Bhíos dhá bhliain is fiche an uair sin agus bhí fonn orm céim éigint a bhaint amach.
gluaiseacht pobail éigint ar siúlsome community thing going on
Nuair a chífeá ar an lá agus nuair a chloisfeá na scéalta ina dhiaidh san go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos agus go raibh an Mackerel Céilí Band ann agus go raibh muintir na Gaeltachta ann, cuid acu nach raibh aon spéis acu i gcúrsaí caide ach go mbraitheadar go raibh gluaiseacht pobail éigint ar siúl timpeall an ama san.