Cad is filíocht ann? Cad is ealaín ann? Ceist atá i mbéal an phobail le blianta beaga anuas, i réimse an oideachais agus sa réimse poiblí is ea, an féidir an faisean a áireamh mar ealaín? Tá líon na n-ealaíontóirí a théann i bpáirt le tithe slachtaíochta i gcomhair taispeántas agus chun ‘líne’ nó lipéid nua éadaigh a chruthú ag méadú de shíor agus tá na teorainneacha a dhéanfadh idirdhealú idir an tslachtaíocht agus an ealaín
ag éirí níos éiginnte de réir a chéile.