Bhuail Aogán Ó Muircheartaigh an sprioc nuair a rinne sé an gearán seo thíos:
Ar deireadh thiar ná fuil sé in am ag na
háisíneachtaí stáit - agus ag na scoláirí gairmiúla sna coláistí tríú leibhéal chomh maith - áis cheart/áiseanna cearta a sholáthar ar an Idirlíon ina mbeadh teacht ar gach focal nua a chumtar (mar aon le dáta a chumtha!) agus ligean do dhaoine a bheith ag áiteamh ina dtaobh agus ag baint feidhme astu … Is mór an náire ná fuil a leithéid de áis Idirlín ar fáil go fóill (*Feasta*, Feabhra 2001).