Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo.
Nuair a bhí an teach faighte againn, shocraigh mé gur áiméar a bhí ann sult a bhaint as an tírdhreach, b’fhéidir ag dul amach ag siúl, ag cleachtadh mo chuid Gaeilge agus a bheith ag déanamh pictiúr.