Más fíor go bhfuil na coireanna seo gan íospartaigh, an tseachtain seo caite bhí íospartach beo beathach (go hádhúil) ina shuí ar a leaba otharlainne ag tabhairt agallaimh do dhuine ar bith a d'éistfeadh leis.
"
Tá sí den tuairim go ndéanfadh sé maitheas do go leor múinteoirí seal a chaitheamh ag obair i bpostanna eile, go dtuigfeadh siad ansin chomh hádhúil is atá siad.
Tá rud amháin nach bhfuil athraithe ó na laethanta tosaigh: an t-ardú céime agus an t-aitheantas a thugann an Oscar duit, más duine de na haisteoirí ádhúla sin tú a bhaineann ceann nó fiú má fhaigheann tú ainmniúchán.
“Ní ginearál maith a theastaíonn uaim” mar a dúirt Napeoleon, “níl uaim ach ginearál ádhúil!” Nuair a bhí an geilleagar ag moilliú is ag meath ar domhan, thosaigh na Gaeil ag díol is ceannach tithe lena chéile, rud a choinnigh dlús faoi anseo seal sa bhreis.
Nuair a éiríonn an saol dúshlánach, brónach nó fiú amháin mí-ádhúil, sílim i gcónaí gur féidir linn glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán, nach mbíonn sa dorchadas ach seal agus nach mbíonn sa bhrón ach tocht neamhbhuan.