Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a seacht ndícheall doing their best
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
a seacht ndícheall their utmost
" Ach a mhalairt de scéal atá ann inniu - déanann gasúir Bhaváracha a seacht ndícheall an "caighdeán oifigiúil" a tharraingt chucu féin.
ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.
mo sheacht ndícheall my utmost
" Ach céard faoin athrú a tharlaíonn de mheon an fhostaí a chaitheann tromlach a shaoil phroifisiúnta san eagraíocht chéanna? An bhfuil baol ann go n-éireoidh an duine sin "institutionalised", mar a deir an Béarla? "Tá an baol ann i gcónaí," a deir sí, "ach déanaim mo sheacht ndícheall chun troid ina choinne! Is é an rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le daoine.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
ar a seacht ndícheall doing their best
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste the best efforts of the Belfast Giants
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
ar a sheacht ndícheall doing his best
" Arra a fheara, tugaigí aire don Aire!’ Cé a bhí ann ach Pat Scarey, an t-aire stáit úr i Roinn na Galltachta; é ann in áit Éamó Uí Chaoimhnis, agus é ar a sheacht ndícheall ag iarracht aire an tslua a tharraingt air féin – rud nár chuir stró ar bith ar Dev Óg nuair ba ghnách leis féin dul chuig Féile na nGael seachas an chéad ionadaí a chur amach ina áit.
a seacht ndícheall they did their best
" Chuaigh siad go Sasana, rinne siad a seacht ndícheall ach anois tá siad níos sine, caite agus spíonta.
ag obair ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá daoine agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre ag obair ar a seacht ndícheall i rith an ama ar son na teanga.
ar mo sheacht ndícheall at my very best
" Chuaigh mé fríd leathanaigh an *Irish News* ar mo sheacht ndícheall ag iarraidh teacht ar dheá-scéala ón Tuaisceart.
a seacht ndícheall their utmost
" Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
ar a seacht ndícheall at their level best, utmost
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
a sheacht ndícheall his level best
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
a sheacht ndícheall his level best
" Deir Enda Kenny go ndéanfaidh sé a sheacht ndícheall feabhas a chur ar a stíl cheannaireachta.
a seacht ndícheall her level best
" Pé rud eile fúithí, deineann sí a seacht ndícheall, fiú más éagóireach an dua céanna, chun a teaghlach mífheidhmiúil a chosaint.
a seacht ndícheall their level best
" Rinne Rúnaí Stáit George Marshall agus Rúnaí Cosanta James Forrestal a seacht ndícheall a chur ina luí ar Uachtarán Harry Truman gan tacaíocht a thabhairt do na Síónaigh.
mo sheacht ndícheall my level best
" Dhúisigh mé ón ngeit agus bhí orm smaoineamh – ar dtús, céard sa diabhail a bhí ag tarlú, cuimhneamh conas an capaill a stad agus thar aon rud eile, mo sheacht ndícheall a déanamh fanacht ar a mhuin.
a seacht ndícheall their level best
" Ar aon nós, beidh áthas ar go leor “forchéimnithe” saonta go mbeidh níos mó airgid ag an amhantraí le caitheamh ar dhreamanna ar son chearta an duine atá ag déanamh a seacht ndícheall ar son an chine daonna.
ar a seacht ndícheall doing their level best
" Bhí Roinn na Gaeltachta abhus, DCAL ó thuaidh agus Foras na Gaeilge ar a seacht ndícheall le linn an ama sin ag brú an mhúnla nua mhaoinithe seo, ina mbeadh na heagrais dheonacha á maoiniú ar bhonn tionscadail feasta in ionad deontas bliantúil a fháil.
mo sheacht ndícheall my level best
" “Mura bhfuil muintir na tíre sásta muinín a chur ionam, cén mhaith dom fanacht i saol na polaitíochta? Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall… an pobal sa Fhrainc a chosaint, chun an Fhrainc a choimeád láidir.
Tá sé ar a sheacht ndícheall he’s doing his level best
" Tá sé ar a sheacht ndícheall ag iarraidh a leithéid a chur sa dlí le blianta fada anuas: muirear mór le híoc ag duine ar bith a labhródh oiread agus focal Béarla sa Dáil.
ndéanann Lehane a seacht ndícheall L. does her level best
" San athchóiriú seo feictear Ruth Lehane mar phríomhcharachtar an dráma, Bónapárt Ó Cúnasa, agus caithfidh mé a rá go ndéanann Lehane a seacht ndícheall leis an méid focal is línte atá aici, ach, is minic a chloistear botúin ina páirt i léiriú a shín níos faide ná uair go leith (gan sos).
ag déanamh a seacht ndícheall doing their level best
" Beidh feachtas olltoghcháin ar siúl níos déanaí i mbliana agus beidh na páirtithe móra ag déanamh a seacht ndícheall tacú ó na luasc-vótóirí sna toghcheantair imeallacha a mhealladh.