Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Oileáin Iathghlais Emerald Isle
" Thaitin na foinn éagsúla i gceol na hÉireann i gcónaí liom féin agus le mo theaghlach agus, ar ndóigh, thaitin áilleacht nádúrtha an Oileáin Iathghlais liom.
iathghlas. emerald.
" “Agus tarlóidh i bhfómhar na bliana sin go bhfeicfear iontais agus amhraí agus míorúiltí móra in Éirinn iathghlas.
iathghlas emerald
" Tá an tír ar fad, an dá dhlínse nó oileán na hÉireann mar a thugtar anois ar ár dtrírín iathghlas, go beag de mhaith ó thaobh an gheilleagair de agus a fhad is atá muid sásta díorthaigh airgeadais agus Malartaithe Loicthe Creidmheasa agus mistéirí dothuigthe eile an ardairgeadais a fhágáil ag daoine nach bhfuil fios a ngnoithe acu, .
iathghlas emerald
" Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.
iathghlas emerald
" Ar Son na Teanga ======= Sea, ar son na teanga, tharla gur seo chugainn na Sínigh agus an tSínis ar an mbéal réidh acu le spréadh amach ar fud Éireann iathghlas mar a rinne an Chríostaíocht a leathnaigh amach as Cluain Mac Nóis, as Cluain Ioraird agus as Cluain Fearta.
Iathghlas emerald
" ” Inis Iathghlas na nIarbhaincéirí ================ Agus ós ag caint dúinn ar an reachtas úr in Éirinn, ní miste do Bhalor tagairt a dhéanamh do chuairt na Banríona Eilís II ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.
hOileán Iathghlas Emerald Isle
" Chuaigh na rudaí seo i bhfeidhm níos mó orainn: an tírdhreach thar a bheith éagsúil; an aimsir atá níos éagsúla arís; na daoine ó thuaidh agus ó dheas; an líon caorach atá sa tír; agus, thar aon rud eile, an dóigh a bhfuil Éire fós ina hOileán Iathghlas.
thírín iathghlas s'againn our little emerald country
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
an oileán iathghlas Ireland
" An Cos ar Bolg ======== Bhí Éireannaigh sáite in obair an chos ar bolg ar son Shasana, na Fraince, na Spáinne, na Portaingéile, na hAstráile, na hAfraice Theas, na Rúise, SAM agus áiteanna eile nach iad, gan trácht siar ar na saighdiúirí dubha - na constáblaí - agus lucht gróite na dtiarna is na ngníomhairí ar an oileán iathghlas féin.
oileáin iathghlais emerald isle
" Má theastaíonn ó mhuintir an oileáin iathghlais iad féin a chur chun cinn mar eiseamlár do thíortha eile a bheidh ar son na síochána, ba cheart d’Éirinn iarratas ar bhallraíocht, nó mar pháirtí, a chur roimh Chomhairle Feidhmeannais Aontas na hAfraice.
iathghlas emerald
" An bhfuil ceacht le foghlaim againne ón scéal sin in Éirinn iathghlas an cheo agus na fearthainne? Ós ag caint dúinn ar cheachtanna, is iad na ceachtanna áirimh sna scoileanna dara leibhéil a bhíonn ag dó na geirbe ag an Aire Éadóchais agus Eolaíochta, Ruairí Rua.
iathghlas emerald
" Agus ní dhéanfadh sé a dhath gnoithe d’Edna an Taoiseach Tréan ach a ghabháil ann agus an cleas seo a fháil dó féin agus do thír na hÉireann; nó ba é a shantaigh Edna ní ba mhó ná rud ar bith eile ar an domhan ná tírín beag iathghlas seo na hÉireann a bheith arís mar eiseamláir geilleagair agus airgeadaíochta don chuid eile den Domhan Thoir, mar a bhí faoi cheannas a dheargnamhad Bertie Borrach Bearránach.
oileán iathghlas emerald isle
" Duine amháin den lucht imeartha a chaith seal réasúnta fada in Éirinn lena shaol, mar sin ní haon luí mór leis an oileán iathghlas is bun leis an gcumann.
má chuimhnítear ar an fhód iathghlas if the emerald isle is remembered
" ) Ba mhaith leis an Éireannach a cheapadh gur thréithe deasa a shamhlófaí leis thar lear, má chuimhnítear ar an fhód iathghlas thar lear ar chor ar bith.
tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh this emerald land of saints and scholars
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
oileán iathghlas emerald isle
" Agus Balor an Bhéil Bhinn ar a chamchuairt thart ar oileán iathghlas na hÉireann ag iarraidh faoiseamh a fháil ó bhrothall an tsamhraidh, fuair sé amach gur mhó an deacracht a bhí aige faoiseamh a fháil ó fhógraí agus ó mheirgí móra ag fógairt *Gathering* Anseo agus *Gathering* Ansiúd.
tírín iathghlais the wee emerald isle
" Is le fórsaí ECAT sé chontae den tírín iathghlais, pointe a shaothródh diúracán nó dhó ansiúd agus is ‘páirtnéir’ cogaíochta le ECAT na 26 contae eile, bíodh go bhfuil an focal draíochtúil úd ‘síocháin’ baiste ar an ghaol chéanna.
a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas the wee emerald isle has left its mark
" Ní thig a shéanadh go bhfuil a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas ar an saol mór.
iathghlais emerald
" Caithfidh go bhfuil muintir na hÉireann imníoch go ndéanfaimis ionradh ar Éirinn iathghlais álainn, rud nach ndéanfaimis riamh.
oileán iathghlais emerald isle
" Bhí barraíocht le háireamh, dar le Balor, ag titim amach ar an oileán iathghlais ach rinne sé iarracht cuntas éicint a thabhairt.