Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge whether they be fluent or speak only a little Irish
" Oscailte do gach duine - bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm whether a green shirt goes with blue trousers
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
Cothrom nó cothrom é whether it's fair or not
" " "Cothrom nó cothrom é," arsa Síle, "sin mar atá agus féadann tú suí siar agus sult a bhaint as, nó níl a dhath eile fána choinne.
cé acu a dtaitníodh sé leat nó nach dtaitníodh whether you used to like it or not
" Le tríocha bliain anuas, cé acu a dtaitníodh sé leat nó nach dtaitníodh, ba chuma tú i lár na hAfraice nó i lár na hÁise, dá ndéarfá gurbh as Éirinn duit ní haon cheann de na nithe thuasluaite a luafaí leat ach an IRA.
an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin whether I'll remember the country itself
" Cuimhneoidh mé ar na rudaí a rinne mé sa Namaib, ach nílim cinnte an gcuimhneoidh mé ar an tír í féin.
bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh. whether the inhabitants want that placename or not.
" Ach in aois seo an chomh-mheasa agus an chomhghéillte agus na comhthuisceana agus an chomh-gach-aon-rud, sílimse gur fearr, mar chomhréiteach comhchuí (agus in ómós do mo sheanchara, Aire na Galltachta Éamon Ó Caoimhnis) *Londondoire* a bhaisteadh ar an áit – bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh.
cé acu a bhfanfainn sa chathair whether I'd stay in the city
" Sa deireadh, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu a bhfanfainn sa chathair nó an rachainn chun an bhaile go hÉirinn.
ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici despite it being unclear as to whether or not she has any scientific evidence
" Tá sé ráite arís is arís eile aici nach dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne faoina ciorclán conspóideach, ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici a thacaíonn lena cinneadh.
cé acu whether
" ”* Fágfaidh mé faoi léitheoirí *Beo!* é a gcinneadh féin a dhéanamh maidir le cé acu an bhfreagraíonn sé seo na ceisteanna tromchúiseacha atá ardaithe faoin churaclam nó nach bhfreagraíonn.
cé acu whether
" Bhí alltacht agus fearg ar mhuintir na hiomána, agus chuaigh slua chuig Páirc an Chrócaigh an Domhnach dár gcionn go bhfeicfidís cé acu an imreodh Mick leis na hiománaithe nó an imreodh sé leis na peileadóirí.
cé acu whether
" Chuir sé mearbhall ar chuile dhuine – ní raibh daoine cinnte cé acu ar spiaire de chuid Arm na Breataine é, nó an raibh sé ag obair do na Sealadaigh.
cé acu whether
" Is minic a bhíonn ar dhídeanaí fanacht suas le dhá bhliain sula gcuireann an roinn in iúl dó cé acu an bhfuil cead ag a chéile nó ag a leanbh teacht go hÉirinn.
cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu. whether they will be awarded refugee status
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
cé acu whether
" Táthar den tuairim gur duine macánta é Obama, ach ní léir cé acu an bhfuil a shoineantacht ina mhíbhuntáiste.
maidir le cé acu about whether
" Bítear ag déanamh plé san iris maidir le cé acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nó nach dtiocfaidh.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
nó cé acu ar féidir linn or whether we can
" Cuireann an fhéile i gcuimhne dúinn gur linne ar fad an Ghaeilge, is cuma cárb as muid nó cé acu ar féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir an tuiseal tabharthach agus an tuiseal ginideach nó nach féidir! Mar a deir mana na féile, “Croí na Teanga – *It’s You*!”Mar is gnáth, cuirfear tús le clár leathan imeachtaí leis an bhféile a cheiliúradh i rith na seachtainí díreach roimh Lá Fhéile Pádraig.
agus cé acu ar fágadh ar siúl é, and whether it was left on
" Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin. Barry asked me whether I like any of the apartments
" Faoi dheireadh, d’fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin.
is cuma ann nó as í. it doesn't matter whether it is there or not
" Leis an fhírinne a rá, is cuma ann nó as í.
cioca cróga nó meargánta whether brave or reckless
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
Más gráin nó más grá leat whether you detest or love
" Mar sin, amach leo siúd atá in oifig! Marbh le Tae is Marbh gan É ============ Más gráin nó más grá leat lucht pleanála an Pháirtí Phoblachtaigh, ní féidir a shéanadh go bhfuil siad cliste.
pé acu whether it be
" Is trua nach bhfuil níos mó grianghraf sa leabhar ar bhealach mar rud amháin atá fíor faoin Seanachánach ná gur maith leis an gceamara é, pé acu an i lár an aicsin a bhíonn sé nó i láthair ag ócáid fhoirmiúil éigin.
ar cheart whether it’s right
" Tá athruithe dlí a d’éascódh úinéireacht ghunnaí a thuilleadh curtha ar athló sa Bhrasaíl agus tá reifreann nua á mholadh faoin gceist ar cheart díolachán arm tine a chosc go hiomlán.
cé acu whether
" Bheadh an cheist simplí go leor ach tá conspóid i ndiaidh briseadh amach idir Coimisiún na gCeart Daonna agus an Chomhairle do Mhionlaigh Eithneacha atá i ndeabhaidh lena chéile faoi cé acu is ionann an seicteachas agus an ciníochas.
cuma no matter whether
" * B’é an scannal gur cheadaigh Westminister, cuma Tóraithe nó Lucht Oibre i gcumhacht, do na hAontachtóirí leatrom a dhéanamh ar Chaitlicigh/náisiúnaithe ag mórán gach leibhéal den saol.
an foras cruthú fostaíochta a bheas ann whether it’s an employment creating institution
" Socrófar an foras cruthú fostaíochta a bheas ann feasta nó an mbeidh fócas níos leithne aige mar atá leagtha amach ins an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc whether the gloomy prophesy shall come into being
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
Cuma an it’s all the same whether
" Cuma an ag foghlaim i rang oíche nó in ollscoil atá an foghlaimeoir, nach bhfuil sé de cheart fios a bheith aige go raibh an múinteoir ag leanacht clár foghlama áirithe agus ag díriú ar spriocanna faoi leith? Thugamar smaointe nua abhaile as Nua-Eabhrac, a bhuíochas le Coimisiún Fulbright agus Ionad Teangacha Ollscoil Mhaigh Nuad.
Bíodh dúil agat whether you like
" Bíodh dúil agat sa chinneadh faoi *Girdwood* nó ná bíodh, is léir go bhfuil tuaisceart Bhéal Feirste ag dul a athrú as a riocht sna blianta atá romhainn.
Is cuma más it’s all the same whether one is
" Is cuma más i siopa áitiúil, in oifig an phoist nó ag feadaíl síos an tsráid atá tú na laethanta seo, níl aon ealú ó chaint nó ó chasaoidí ar an drochaimsir againne.
Is cuma thú a bheith cliste nó gan a bheith whether you’re clever or not
" Is cuma thú a bheith cliste nó gan a bheith.
bíodh ainm cleite whether they have a nom de plume
" ie go ceann i bhfad mar gheall gur dream deas ionraic iad 99% de lucht scríofa bunailt na hirise, bíodh ainm cleite nó ainm dílis orthu.
ná ar chóir dul chun sleantracha or whether we ought to go to war
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
bíodh an Seanad ann nó as whether the Senate be in existence or not
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
cuma an raibh sé faoi amhras nó nach raibh whether he was suspected
" De ghnáth, ainmnítear an té a bhfuil na sonraí ag teastáil faoi, ach sa chás seo is iad sonraí gach úsáideora sa chóras teileafóin a bhí i gceist, cuma an raibh sé faoi amhras nó nach raibh.
bíodh siad sa tóir ar whether they’re chasing
" Níl sé ar a gcumas, fágaim, iriseoir a chur chuig cás cúirte a mhairfeadh ceithre seachtaini nó iad a chur thar sáile, bíodh siad sa tóir ar scéal caimiléireachta nó ar chluiche sacair.
Bíodh Each Ann nó As whether there’s a horse in it or not
" Cé mhéad burgar a cheannófá ar €145,000? Bíodh Each Ann nó As ======== “Habemus Papam,” a scairt an Cairdinéal Jean-Louis Pierre Tauran i mí an Mhárta.
Ní mé cé acu I don’t know whether
" Ní mé cé acu ba mhó an t-iontas ná an t-áthas nuair ba léir gurbh í an Bhreatais a bhí formhór na ndaltaí a labhairt.
cé acu an dtabharfar cead whether permission will be given
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.
cé acu whether
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.