Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.
Nós is ea é ar cuireadh tús leis chomh fada siar leis an tréimhse ársa Ghréag-Rómhánach agus ba bhealach feiceálach, éifeachtach é le haird a tharraingt ar bhuanna ealaíne duine ar leith chomh maith le hé a bheith éifeachtach ó thaobh míshuaimhneas polaitiúil nó sóisialta a chur in iúl.
freagrach as an gcorraílresponsible for the unrest
Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
Agus an t-am ag tarraingt ar chomóradh trí bliana na n-imeachtaí seo agus é seo á scríobh agam, níl aon amhras ann ach go bhfuil teannas agus míshocracht ann i measc an phobail in áiteanna ar nós Clichy-sous-Bois.
Agus na léirsithe in aghaidh la vie chère a chonachtas le roinnt seachtainí anuas i Martainíc agus i nGuadalúip ar éigean thart, is léir go bhfuil na seirbhísí póilíneachta san airdeall ar aon chorraíl shibhialta.
Nuair a phill siad ar Pháras i 1913, an uair seo Nijinsky agus Stravinsky péireáilte ag Diaghilev, bhí corraíl agus anord níos measa an iarraidh seo nuair a léirigh siad “Le Sacre du Printemps” i Théâtre des Champs-Elysées.
Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
Beidh míshuaimhneas chomh mór sin sa tír agus brú chomh mór sin ar na polaiteoirí, go bhfuil sé i gceist agam tuarastal s’acu siúd a mhéadú faoi chaoga faoin gcéad, agus céad faoin gcéad i gcás bhaill de pháirtí an Rialtais.
Dúirt Len McCluskey, ceannaire Unite, an ceardchumann is mó sa tír, go spreagfaidh an rialtas achrann sibhialta má leanann siad ar aghaidh leis na beartais atá acu faoi láthair.