Nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás an iolair mhara? Nach é sin an sórt ruda atá na turásóirí ag iarraidh a fheiceáil?
Aer úr gan truailliú - a leithéid sin, agus rudaí simplí bunúsacha eile, a mheallann na turasóirí, rudaí a bhfuil muintir na háite breá cleachta leo ach atá tarraingteach do strainséirí, atá ainchleachta leo.
Tar éis an tsaoil, chonacthas dóibh, b'iomaí buntaiste a bhí ag an oileán beag: gaoth ón fharraige mhór, na tonnta, solas geal, an ghrian, agus timpeallacht neamhthruaillithe - achan rud.