Ba chuma leis an Eaglais fán teanga anois agus Coláiste Mhaigh Nuad bronnta orthu lena gcoinneáil ar stropa, ach mhair sí mar sin féin, aisti féin, in ísle brí.
Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.